Skip to main content

BOZHANA SLAVKOVA

Form of Freedom

09.05.2024 – 09.06.2024

Grianghraif den suiteán ealaíne tumthach

Sreang iascaireachta, sreang mhiotail, fáinne miotail, ceangail chábla, páipéar, téip dhuchta, adhmad, miotal, plaisteach, gumaí, teicstílí.

Is suiteán ealaíne tumthach é ‘Form of Freedom’ – colláis 3T nithe atá ar crochadh ó chordaí trédhearcacha atá ar foluain san aer, atá greamaithe de fhráma miotail. Na nithe, ar a n-áirítear luslanna, léarscáileanna, agus glas rothair, is amhlaidh a bailíodh iad agus mé ar mo shiúlta trí 17 dtír Eorpacha.

Is den chéad ghlúin Bhulgárach a d’fhéadfadh taisteal gan bhac ar feadh a saoil mé – na glúnta a tháinig romhainn, ní fhéadfaidís sin gluaiseacht gan chosc le linn an réimis chumannaigh. Tríd an suiteán seo, táim ag iarraidh daoine a spreagadh lena marana a dhéanamh ar cheist na saoirse, go háirithe an tsaoirse rogha, an tsaoirse gluaiseachta, agus an tsaoirse cainte, agus na ceisteanna seo a leanas a chur: ‘Cé a thugann na saoirsí úd dúinn? An féidir iad a bhaint dínn? Conas is féidir linn iad a chosaint?’

Is é príomhchuspóir ‘Form of Freedom’ ná ról a thabhairt do na breathnóirí sa mharana úd i dtreo is go mbeidís ina gcuid den déantús – déantar é sin ar dhá shlí: íogaireacht – is féidir leis na breathnóirí siúl i measc na nithe, amharc orthu ó thaobhanna éagsúla, lámh a leagan orthu agus iad a bholú; rannpháirtíocht dhíreach – iarradh ar na daoine a tháinig chuig oscailt an tsuiteáin ealaíne a gcuid nithe féin a bhreith leo i dtreo is gur i dteannta a chéile a chruthóimis ealaín agus gur i bhfochair a chéile a chuimhneoimis uirthi.’