Skip to main content

BRUNO DE ALMEIDA

Crossing Bodies, Crossing Boundaries

Meáin mheasctha ar pháipéar – 90cm x 400cm

Tar éis dom mé an-eolas a chur ar an mBruiséil i dteannta 43 ealaíontóir eile ó 14 thír Eorpacha, d’fhill mé ar an bPortaingéil chun cleachtas a shaothrú trína ndéanfaí an caidreamh a bhíonn againn le daoine éagsúla ó lá go lá agus na dúshláin a bhíonn le sárú againn inár saol laethúil a léiriú.

Is é a d’eascair as an gcleachtas úd ná ceardlann líníochta chomhchoiteann a raibh sé d’aidhm aici an cheist seo a leanas a fhreagairt: ‘An féidir fós cuimhneamh ar shlite le maireachtáil taobh le chéile?’

Tríd an gcleachtas úd, d’úsáid rannpháirtithe ó chultúir éagsúla agus ó thíortha éagsúla, a raibh cónaí orthu i gcathair Porto, páipéar chun caidreamh a chothú le chéile agus chun dul i ndáil chomhairle le chéile d’fhonn an teorainn idir gníomh an duine aonair agus gníomh dreama daoine a léiriú agus a fhágáil doiléir. Chothaigh an próiseas cruthaitheach sin smaointeoireacht chriticiúil, agus chuir na rannpháirtithe eolas ar conas is féidir le cleachtas ealaíonta tacú leis an daonlathas trí bhéim a chur ar an gcómhaireachtáil sin in ilspásanna.

Tríd an líníocht, bhí na rannpháirtithe in ann scrúdú a dhéanamh ar shlite leis an daonlathas a neartú trí thabhairt faoi chleachtadh caidrimh ar ina leith ba ghá an gúm aonair a chaomhnú d’fhonn an gníomh comhchoiteann a chur i gcrích, rud a léiríonn a thábhachtaí atá rannpháirtíocht pholaitiúil gach duine i sochaí dhaonlathach.

Cineál caibidlíochta is ea an líníocht, trína bhfoghlaimíonn an duine conas oibriú i gcomhar leis na línte atá ann cheana a thrasnaíonn an páipéar agus ar féidir leo deighilt a chruthú nó imeascadh. Toisc grúpaí ar leith a bheith ag déanamh an chleachtais úd, tagann teannas chun cinn i measc na rannpháirtithe agus líníocht á déanamh acu i dteannta a chéile, ach ní chuirtear leithlí na rannpháirtithe úd ar ceal. Tríd an gcleachtas criticiúil agus léiritheach sin, cuirtear béim ar a riachtanaí atá sé a bheith in ann maireachtáil taobh le chéile i gcomhthéacsanna daonlathacha, ina bhfuil an tsaoirse cainte ina gné thábhachtach.

Léiríonn an cleachtas a dhéantar trí úsáid na líníochta agus na samhlaíochta gur féidir bealaí le maireachtáil taobh le chéile a shamhlú agus a chruthú. Trí ghrúpaí éagsúla a thabhairt le chéile i spás cruthaithe comhchoitinne, moltar céimeanna nithiúla chun áiteanna cuimsitheacha a thógáil.

Rannpháirtithe:

Abner Samuel Godinho Firmino, Ana Sofia Lopes, Danilo Dante, Daniela Gomes, Francisco Pereira, Gustavo Borges Mariano, Laura Oliveira, Leonardo Campos, Luana Oliveira, Marcela Pedersen, Melina Scheurmann, Natália Fernandes, Nurian Brandão, Rafael Campos, René Gaertner, Rosinda Casais, Shanaia de Sousa, Sylvia Pereira, Thiago Franco, Thamirys Vitória Hora Almeida