Skip to main content

An seomra tionóil, Strasbourg

An seomra tionóil, Strasbourg © EP 2021

an Ísiltír, 1987

Olaphictiúr ar phainéal, 96 x 194 cm

Deonaithe ag an ealaíontóir


Tá conair John Goudie Lynch ina shampla maith de shaibhreas cultúrtha an tionscadail Eorpaigh. Rinne sé staidéar i nGlaschú i Scoil Ealaíne Ghlaschú (1964-1968) agus ansin mhúin sé ealaín sa Scoil Idirnáisiúnta in Amstardam sular bhog sé go dtí an Fhrainc chun cónaithe agus chun a bheith ag cruthú. Ar an gcéad amharc, d’fhéadfaí a rá go bhfuil obair Lynche ina phortráidíocht shimplí thuairisciúil de phearsana agus den saol comhaimseartha. Ach, tar éis grinnscrúdú a dhéanamh ar a shaothair, is féidir a thabhairt faoi deara go bhfuil na staidiúirí beagán saofa, agus nach bhfuil na comhréireanna cothrom, feictear freisin aoibheanna aisteacha agus na pearsana sin i léiriúcháin osréalacha den saol. I roinnt cásanna tá na pearsana sin ag stánadh caol díreach ar an mbreathnóir, ag réabadh an ceathrú balla samhailteach den phéintéireacht agus ag idirghníomhú leis an lucht féachána. Dá bhrí sin is ábhar iontais é, sa Bhailiúchán, gur úsáideadh cur chuige chomh neamhthraidisiúnta chun radharcanna de shaol agus d’imeachtaí na Parlaiminte a léiriú. Tá An Seomra Tionóil, Strasbourg – tabhartas an ealaíontóra do Bhailiúchán Ealaíne Comhaimseartha Pharlaimint na hEorpa – ar an gceann is traidisiúnta dá thrí phéintéireacht. Feictear sa radharc na nithe beaga iomadúla atá ag titim amach sa seomra tionóil (daoine ag cogar, ag méanfach faoi cheilt, ag brionglóid, ag breathnú ar dhoiciméid agus a lán nithe eile nach iad). Giota beag ar léiriú achomair é ar Institiúid iomlán.