Skip to main content

Daisy

Daisy © EP 2021

an Phortaingéil, 1988

Dúch Síneach ar pháipéar, 150 x 186 cm

Sínithe

Bronnta ag an Rúnaí Stáit um an gCultúr, an Phortaingéil


Duine ceannairceach ab ea Pedro Proenca, a rinne staidéar i Scoil na Mínealaíon i Liospóin, a bhí ag iarraidh status quo ealaíonta na Portaingéile sna 1980í a athrú ó bhonn. Chun na críche sin, bhunaigh sé ‘Movimento Homeostético’ i 1982, mar iarracht mheitea-chriticiúil chun an ealaín féin a athrú ó bhonn. Dá bhrí sin, tá tuiscint bhunúsach ar an scigaithris ina chuid ealaíne. Taisclann de shabaitéireacht chultúrtha atá le feiceáil ina chuid íomhánna, tógtha ó stair ealaíne an iarthair, ó litríocht na Gréige, ón oirthear agus ón réamhstair. Tá a shuíomh samhlaíoch lán d’fhir agus d’ainmhithe fáthchillacha. Mar sin féin, tá níos mó i gceist i bhfáthscéalta Proenca ná an greann. Is ann dóibh freisin mar iarracht thromchúiseach réaltacht chrua a athrú trí phróiseas an chlaochlaithe. Is cosúil go bhfuil a chuid saothar – eicléictiúil agus siombalach – suite i ndomhan na rámhaille. An aisling ar toradh í ar íomhánna téisiúla, is léiriú í ar réaltacht eile, comhdhéanta de shraitheanna den fháthscéalaíocht, den deismireacht stairiúil agus den mhiotaseolaíocht phearsanta. Sa chiall sin, feidhmíonn cuid dá shaothair mar scigphictiúir, seánra ar a mbunaítear móitífeanna áirithe, mar atá léirithe in Daisy.