Skip to main content

Equilibrium (Cothromaíocht)

Equilibrium (Cothromaíocht) © EP 2021

an Rómáin, 2000

Adhmad, 98 x 163 cm

véarsa ón 17ú haois greanta ar gach ceann de; Inscríbhinn: ‘R’ greanta i ndath uaine ar an gcuid uachtarach, ‘A’ greanta i ndath uaine ar an gcuid íochtarach

Deonaithe


Dealbhóir ba mhinic a gcuirtí i gcomparáid le Constantin Brancusi a bhí ann mar gheall ar a bhunús cultúrtha agus mar gheall ar a rogha meán, agus d’fhág Ovidiu Maitec a lorg ar dhealbhaíocht an 20ú haois lena stíl shainiúil féin. Is amhlaidh mar a bhí go páirteach mar gheall ar go raibh sé ar dhuine den aon ghrúpa d’ealaíontóirí a raibh cead acu taisteal ar fud na hEorpa le linn ré na gcumannach, in ainneoin deighiltí geografacha agus polaitiúla. Rinne sé staidéar in Institiúid na Mínealaíona ‘N. Grigorescu’ i mBúcairist (1945-1950) agus, go gairid tar éis dó céim a bhaint amach, bhunaigh sé Aontas na nEalaíon Plaisteach sa Rómáin (1950). Bhí dealbhaíocht Maitec lán tráchtaireachta polaitiúla ón gcéad lá riamh, agus tionchar an Réalachais Shóisialaigh imeartha ar a chuid luathshaothar. Sna 1960idí, d’aistrigh sé i dtreo snoíodóireacht adhmaid theibí, mar shampla, sa saothar idirthréimhseach The Wall (An Balla), a léiríonn a theideal, arís, claontaí polaitiúla láidre. Cé go raibh sé nua-aimseartha, ar bhealach síoraí, tá gné fhollasach innealtóireachta ag baint le healaín Maitec, acmhainneacht fheidhmiúil. Tá an chuid atá déanta as adhmaid gearrtha glan, agus snoite ansin i gcomhpháirteanna aeraidinimiciúla chun struchtúr a chruthú a sílfeá go dtiocfadh leis an ghaoth agus fórsaí nádúrtha eile a sheasamh. Tá an bhuaine sin, a bhfuil innealtóireacht déanta uirthi, ina comhlánú ar shiombalachas an chothromais agus na cothromaíochta atá éagsúlaithe gan stad gan staonadh ag Maitec. Léiríonn Equilibrium toradh deiridh an taighde sin le fadsaol, siméadracht agus comhréireacht, agus iad ar fad ag teacht ó shaothair a ndéarfá óna léamh gur ráiteas polaitiúil é.