Skip to main content

Estonia (An Eastóin)

Estonia (An Eastóin) © EP 2021

an Ghréig, 2008

Síothlán síoda, liteagrafaíocht agus colláis, 69 x 100 cm

sínithe agus dátaithe ‘2008’ (in íochtar ar dheis)

Deonaithe ag Méara na hAithne, Nikitas Kaklamanis, in 2008


Tá saothair Pavlos Dionyssopoulos lán le heagnaíocht fhealsúnacht na Gréige toisc iad a bheith ag síor-athrú, mar atá an saol féin. Tar éis dó tréimhse a chaitheamh in Acadamh na Mínealaíona san Aithin (1949–1953), thaisteal sé go Páras ar scoláireacht stáit chun freastal ar Académie de la Grande Chaumière. Leathnaíodh a dhearcadh ealaíne le linn an turais sin. Nuair a d’fhill sé ar an Aithin, d’oibrigh sé san fhógraíocht sula imigh sé go Páras an athuair in 1958, ar scoláireacht stáit na Gréige (I.K.Y.) an geábh seo, a mhair 3 bliana. Agus é ag cur faoi i bPáras, d’éirigh sé mór le Pierre Restany agus na Nua-Réalaithe a chuidigh leis nádúr ealaíonta na n-ábhar neamhchostasach laethúil a thabhairt faoi deara. D’éirigh páipéar, bileoga eolais, póstaeir agus fógráin ina bpríomhuirlisí aige, ar ábhar é a ghearrann sé agus a stiallann sé ina ribíní. Ollchumarsáid trí tháirgí olltáirgthe lena gcuirtear chun cinn an t-olltomhaltas. Na hearraí tomhaltacha a fhógraítear ar na dromchla atá claochlaithe aige, ar deireadh bíonn na hearraí sin le fáil ina chuid saothar - léinte nó stocaí léirithe le línte bíseacha, mar chineál cuilithe. Seans gur comharthaí rabhaidh a bhí ann maidir leis an athrú dearcaidh a bhí le teacht? Sa tsraith uaidh de 28 mbratach Eorpacha, feictear an dúil a bhí ag Dionyssopoulos i bpáipéar ar bhealach géarchúiseach ach fóinteach. Tá gach bratach a léirítear clúdaithe le sraith ribíní páipéir atá cosúil le coinfití, a dhéanann an tsiombal náisiúnta a leathcheilt sa chaoi go bhfuil sé deacair í a aithint (tá an patrún mar a chéile ar an 28 mbratach uile). Tríd an méid sin a dhéanamh, déanann an t-ealaíontóir na siombailí sin a iniúchadh, trína dtabhairt le chéile. Is bratacha éagsúla uathúla iad ach tá siad curtha faoi réir córas comónta. Chruthaigh Dionyssopoulos an tsraith seo tráth a bhí rachmas an tomhaltóra á cheistiú aige, an rud a spreag chun a phróisis é trí na siombailí agus na hábhair chéanna, tráth, a chur faoi dhraíocht é, gurb amhlaidh dúinn.

Ón ealaíontóir céanna