Is beag eolas atá ag daoine ar an mbeirt fhear a rinne an píosa ealaíne fíorspéisiúil seo. Is ailtire é Leonard Vaitys a raibh baint aige le roinnt tionscadal sa Liotuáin. Oileadh Leonas Pivoriūnas ina ealaíontóir ina bhaile dúchais agus is ball é de Chumann Ealaíontóirí na Liotuáine. Cé is moite de roinnt gradam atá faighte acu, níl mórán eolais eile le tabhairt fúthu, rud ar díol trua é mar is togra ar leith é Eurovista. D’fhéadfá cur síos a dhéanamh ar an múrphictiúr seo mar chumhdach taisí a chaomhnaíonn iarsmaí náisiúnta na staire. Ach, tá na hiarsmaí sin – i bhfoirm airgeadraí nach bhfuil ann níos mó – stiallta agus tugtha le chéile, ionsaí ar shláine fhisiciúil na nótaí agus na mbonn a théann i gcoinne an struchtúir chosanta atá ann is cosúil. Ach d’fhéadfadh sé gur ceapadh go raibh gá leis an scrios sin chun dul i dtreo na todhchaí, i dtreo airgeadra nua ina mbeadh na seanairgeadraí fós ann. Tá sraitheanna an tsaothair seo casta, i gcodarsnacht leis an téama atá ann. Is siombail é freisin den díomhaointeas nó d’ábhar neamhbheo ón am a caitheadh – íomhá áiféiseach de rudaí neamhbheo atá gan mhaith.
Tuilleadh ealaíontóirí ón tír seo a leanas:
an Liotuáin