Skip to main content

Night Lane Green

Night Lane Green © EP 2021

Éire, 1980

Ola ar chanbhás, 127 x 127 cm

sínithe (ar chúl)


Léirítear a cheanúil agus atá Barry Cooke ar na dúile ina shaothar péintéireachta atá míchumtha go fileata. Bíodh is gur rugadh in Éirinn é, rinne an t-ealaíontóir staidéar ar an ealaín ag Ollscoil Harvard i Meiriceá sula bhfuair sé oiliúint sa phéintéireacht ag School of Seeing Kokoschka in Salzburg. In ainneoin gur fhill sé agus gur chuir sé faoi in Éirinn, thaistil sé go forleathan agus tá glactha aige leis an éagsúlacht chultúrtha agus ealaíonta agus le saibhreas a chineálacha uile. Tá Boirneo, an Nua-Shéalainn, Iamáice, an Malae ar chuid de na cinn scríbe a bhí mar inspioráid don ealaíontóir. Bíodh is gur ealaíontóir Tírdhreacha é go príomha, tá roinnt saothair shuntasacha de na noicht déanta aige freisin lena ndéantar ceiliúradh ar an gcruth daonna agus gan aon idéalú á dhéanamh aige ina leith. Agus é ceanúil ar an Dúlra agus ar na heilimintí atá mar chuid de, glacann an t-ealaíontóir cur chuige féin atá silteach – uisciúil – sa léiriú a thugann sé, ar léiriú é atá thar a bheith suntasach sa saothar Night Lane Green. Déantar doimhneacht mhillteanach a chur in iúl sa saothar ealaíne a bhuíochas dá dhathanna forleagtha, na dathanna toiteacha liath agus dubh atá ag dealú ó chéile os cionn dath lonrach uaine. Dealraítear gur laistigh is foinse do loinnir na doimhneachta, amhail is go bhfuil rud nó duine éigin ar tí teacht chun léargais ar dhromchla an tsaothair. Déanann an codarsnacht chrómatach spreagthach an íomhá a struchtúrú agus is é sin fócas foirfeach an tsaothair, Cooke agus é ag mealladh an bhreathnóra go cuí trí mhistéir agus trí chumadóireacht. Teibí ach fós inste, is sampla álainn é an saothar Night Lane Green de mar is féidir leis an teibíocht macnas a dhéanamh leis an reacaireacht.