Bhí dúil chomh láidir ag Rui Sanchez i ngairm na healaíne gur fhág sé an tríú bliain dá chéim sa leigheas chun dul le Ar.Co - Centro de Arte e Comunicação Visual. Ar an drochuair, cuireadh isteach ar a oiliúint ansin ag amanna éagobhsaí tar éis an chogaidh, rud a d’fhág go raibh oideachas agus inspioráid á lorg aige in áiteanna eile, eadhon i Londain, i gColáiste Goldsmith (1977–1980) agus ansin in Ollscoil Yale (1980–1982). Chuir an taithí idirnáisiúnta seo go mór lena shaothar fiosrach. Bhí cur amach aige ar na hathruithe agus na forbairtí sa nua-aoiseachas agus iad ag tarlú. Is féidir ceisteanna móra na tréimhse a aithint ar shaothar Sanchez fiú sa lá atá inniu ann. Is deacair a shaothar a chur i gcatagóir ar leith. Níor stad sé riamh de thalamh nua a bhriseadh lena dhealbha balla ná lena shuiteálacha. Féachann Seraphita le fíoracha teibí – bunaithe ar Orpheus Sanches ón mbliain chéanna – atá feistithe le cuaille, a chur sa seasamh ionsaitheach céanna. Ní léir cibé acu cath nó damhsa atá i gceist leis an radharc, ach leis an tsiméadracht cruthaítear droichead dofheicthe idir na fíoracha, in ainneoin an achair eatarthu.
Tuilleadh ealaíontóirí ón tír seo a leanas:
an Phortaingéil