Skip to main content

EMILIO EPSTEIN AND GEORG SCHUCHLENZ (Posse Studio)

Litreacha, scuab agus sprae (péinteáladh 90% den mhúrphictiúr agus spraeáladh 10% de)

D’oibrigh EPLO Vín i gcomhar le healaíontóirí áitiúla agus le Cathair Vín chun múrphictiúr ábhalmhór a phéinteáil ar a bhfuil teachtaireacht an toghcháin.

D’íoc Parlaimint na hEorpa as an tionscadal múrphictiúir agus cruthaíodh é i gcomhar le Wiener Wohnen, a sholáthraigh an balla. Cuimsíonn sé tuairim is 350 méadar cearnach ar bhalla de chuid Áras Eveline-Andrlik-Hof ar choirnéal Engerthstraße agus Olympiaplatz, 1020 Vín, agus tá sé beartaithe go mbeidh sé ar an mballa úd go ceann cúig bliana ar a laghad.

Diomaite de na litreacha, dath scuaibe atá ar an múrphictiúr ar fad. Tharraing na healaíontóirí greille a bhí ina treoir acu. Ansin sceitseáladar na carachtair éagsúla agus phéinteáladar iad céim ar chéim. Péinteáladh 90% de agus spraeáladh 10% de.

(c) Salome Neubauer