Skip to main content

Maidir leis

Bunaíodh bailiúchán ealaíne comhaimseartha Pharlaimint na hEorpa in 1980; ba í Simone Veil, an chéad Uachtarán ar Pharlaimint na hEorpa a toghadh go díreach, a smaoinigh ar an gcoincheap. Agus í feasach ar chumhacht chultúrtha agus chumarsáideach na healaíne, theastaigh uaithi go léireodh an bailiúchán an chuid ab fhearr d’ealaín óg chomhaimseartha; go dtabharfadh sé léargas ar oidhreacht amhairc Eoraip an lae inniu.

Ón uair a chuir Veil a plean i bhfeidhm, tá fás tagtha ar an mbailiúchán trí shraith earraí ina léirítear forbairt an Aontais thar thréimhse dhá chéad bliain. Déantar méaduithe leantacha an Aontais, mórimeachtaí polaitiúla, tréimhsí neamhchinnteachta, comhdhálacha téamacha agus mór-oscailtí a léiriú agus a thaifeadadh. De réir mar a théann lucht féachana ó shaothar ealaíne amháin go saothar ealaíne eile, faigheann siad léargais ar stair an Aontais mar a thuigeann agus a léirmhíníonn a phobail chruthaitheacha agus a shaoránaigh iad. Is siombail é an bailiúchán de bheagnach leathchéad bliain d’éachtaí, de chomhshaothair, d’uaillmhianta agus d’aontacht — ó lánpháirtiú na mBallstát atá ann faoi láthair go bunluachanna amhail an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, dínit an duine agus práinn an chomhshaoil; mar aon le daoine ceannródaíocha a mhúnlaigh conair an Aontais agus a spreag a theacht chun cinn.

Daichead bliain ó bunaíodh é, tá an bailiúchán, ina bhfuil breis agus 500 saothar ealaíne ó gach Ballstát ar leith, ar cheann de na bailiúcháin is éagsúla ar domhan. Déanann a léiritheoirí a ndícheall mana na hEorpa ‘Aontacht san Éagsúlacht’ a léiriú. Tá saothair ón mbailiúchán ar taispeáint i dtrí ionad oibre Pharlaimint na hEorpa, lena n-áirítear oifigí an Uachtaráin agus chomhaltaí an Bhiúró, na ‘Salons Protocolaires’ agus na spásanna poiblí. Tá cuid acu ar taispeáint freisin in Oifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa. Le chéile, déanann siad an t-aistear a rinneadh go dtí seo, mar aon leis an mbealach atá le tógáil agus le cruthú againn, a chur i gcuimhne dúinn.

Sa lá atá inniu ann, leanann Parlaimint na hEorpa, agus í dílis don rún a bhí ag Veil, dá bailiúchán ealaíne comhaimseartha a fhorbairt agus a chothú i gcomhréir lena prionsabail bhunaidh. Trí idir thallann óg agus seanbhunaithe as gach cearn den Aontas a lorg, féachann sí le healaíontóirí ó ghlúin amháin go glúin eile a aimsiú agus comhoibriú leo, ar ealaíontóirí iad a thapaíonn an deis chruthaitheach agus chomhthéacsúil chun iad féin a chur in iúl. Saothar ar shaothar, bliain ar bhliain, déanann an bailiúchán comóradh ar an stair mar a théann na healaíontóirí is mó le rá san Aontas i dtaithí uirthi, agus ar an gcaoi a roinneann siad linn í.