Skip to main content

ILIYANA GRIGOROVA

Changemakers (2024)

Cyanotype

27 bpíosa i bhfrámaí A4 (29,7 x 21 cm an ceann): 26 phortráid agus scáthán amháin

‘Rogha?: Is é an crosaire a chinneann an treo a ghabhann an duine ina shaol a chothaíonn inne an duine. Déanann ár saol scáthántacht ar an gconair a ghabhaimid agus is léiriú sinn ar ár gcinntí féin agus ar an síorathrú a thagann ar ár saol. Sna portráidí, feicimid na roghanna a rinneadh, agus bímid ag dréim leis na cinn a dhéanfar amach anseo. Scrúdaímid agus tuigimid an dóigh a ndéantar cinntí agus na hathruithe a mhúnlaíonn gach cinneadh acu. Is léiriú ar athrú, ar an am atá le teacht, agus ar na roghanna a dhéanaimid, iad portráidí. De radharc rosc gach aon, léimid a rogha siúd.

Is staidéar seachtaine sa Bhruiséil, mar a ndearnamar, i dteannta 43 ealaíontóir eile ó thíortha éagsúla, plé ar an Aontas Eorpach, ar bhaint an Aontais lenár saol agus ar na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa a bhí ar na bacáin, a spreag sinn. Tá na 27 bportráid ina léiriú ar an líon tíortha atá san Aontas Eorpach. Spreagann an scáthán idir na portráidí an breathnóir le bheith ar dhuine de na ‘ceannródaithe’.

Priontáladh na portráidí trí úsáid a bhaint as an bpróiseas grianghrafadóireachta Cianachló — teicníc a forbraíodh in 1842. Ar dtús, d’úsáidtí é chun líníochtaí ailtireachta a chóipeáil. Cuireadh an chéad leabhar grianghrafadóireachta (saothar Anna Atkins ar an luibheolaíocht) i gcló trí úsáid a bhaint as an teicníc úd. Déantar an eibleacht ina bhfuil salainn iarainn a leagan anuas ar an bpáipéar, rud a fhágann í a bheith solasmhothálach. Leagtar claonchló anuas ar an dromchla báite, a thagann faoi lé na gréine ar feadh cúpla nóiméad. Is sa speictream gréine amháin a dhéanann gathanna UV difear do cheimiceáin. Chun an próiseas nochta a stopadh agus chun an íomhá a shocrú, nitear an bhileog in uisce. Idirghníomhaíonn an ocsaigin san uisce leis na cáithníní iarainn san eibleacht agus fo-imoibriú den phróiseas ceimiceach is ea an dath gorm. Is próiseas grianghrafadóireachta éiceolaíoch é Cianachló. Tagann roinnt athruithe ar an íomhá go dtí gurb é atá inti ná an íomha ‘dheiridh’. Tá imir tuirmirice agus caife i roinnt de na híomhánna ar an mballa.’

Leabhar taighde

Méid: A4

‘An leabhar taighde a chur mé i dtoll a chéile agus na portráidí á gcruthú agam. Tá ann ainmneacha na gceannródaithe agus a ngairmeacha, smaointe, turgnaimh, spreagadh ó ealaíontóirí eile. Píosa an-spéisiúil agus an-tarraingteach is ea é.’