Skip to main content

LEANDER KAMPF & SAM ALEKKSANDRA

“Democratic Body: Let Your Move Be Resistance”, 2024

Físthaibhiú

Taibhiú damhsa fileata le Sam Alekksandra, file, agus Leander Emanuel, damhsóir. Taibhíodh an 26 Bealtaine, an 30 Bealtaine agus an 2 Meitheamh 2024 é, agus rinneadh físthaibhiú de, agus Leander Emanuel ar an scáileán agus dán Sam Alekksandra le cloisteáil mar ghuthú.

Is saothar ildisciplíneach é ‘Let Your Move be Resistance’ ina scrúdaítear coincheap an daonlathais agus an dóigh ar féidir cur i gcoinne na héagóra trí ghuth a thabhairt. Is cóiréagrafaíocht atá bunaithe ar shuirbhé ar líne atá Leander Emanuel a dhamhsa. Bhí sé d’aidhm aige daoine a rannpháirtiú go díreach sa phróiseas cruthaithe d’fhonn a fhionnadh cén tionchar a bheadh aige sin ar an gcóiréagrafaíocht.  

Ina chuibhreann tá Sam Alekksandra, file, a chum dán arb é atá ann ná guth an iliomad daoine nach féidir leo vóta a chaitheamh agus guth na ndaoine sin go léir a fuair bás ar son an daonlathais. Tríd an dán úd, léiríonn sí gurb amhlaidh, fiú má thaibhsíonn sé gur fíorbheagán tionchair a bhíonn ag an vótáil, atá sé fós tábhachtach vóta a chaitheamh, toisc go bhfuil sé de cheart againn vóta a chaitheamh, agus go mbíonn tionchar ag gach vóta a chaitear.

Gabhann na gluaiseachtaí agus na focail le chéile agus cuidíonn siad le brí na bhfocal a shamhlú. Is ann don chóiréagrafaíocht chun gurbh fhollasaí rud teibí amhail toghcháin agus daonlathas. I dteannta an téacs, táthar ag iarraidh, tríd an taibhiú, daoine a spreagadh le beart a dhéanamh ar son ár ndaonlathais.