RACHEL ROUZAUD
Variations on E.U. flag n°1-4, 2024
Bratach AE (poileistear), teicstílí agus snáitheanna éagsúla.
90 X 150 cm (bratach 1 agus 3)
300 x 150 cm (bratach 2)
300 x 200 cm (dhá chuid de 300 x 100 cm)
A rinneadh mar chuid den tionscadal ‘Pop the Vote’. Cuireadh tús leis an tionscadal le linn an champa ‘Pop the Vote’, sa Bheilg, agus ghlac daoine páirt i ngach imeacht a bhain leis.
Tá sé d’aidhm ag an tionscadal breithniú a dhéanamh ar shiombalachas phobal an Aontais trí bhratach an Aontais a úsáid. Iarradh ar na rannpháirtithe cuid dá n-éadaí nó aon rud eile a d’fhéadfaí a fhuáil ar an mbratach a sholáthar. Soláthraíodh nithe éagsúla: iallacha, snáitheanna, píosaí scaife, málaí siopadóireachta, lipéid, ticéid eitleáin, etc.
Is é an aidhm a bhí ann ná na naisc atá idir a lán daoine a bhfuil baint acu leis an Aontas Eorpach ach nár casadh ar a chéile riamh cheana a léiriú ar bhealach físiúil. Dá mba mhian leis na rannpháirtithe, d’fhéadfaidís a rá cárbh as dóibh, agus, ag an deireadh, cruthaíodh léarscáil de na háiteanna a nascann na daoine sin le chéile. Ghlac tuairim is 100 duine páirt i ndéanamh an tsaothair ealaíne seo.
Rinneadh bratach uimh. 2 ag an Cité des électriciens in Bruay-La-Buissière, le linn na féile ‘Vacances à Gardincour’.
Rinneadh bratach uimh. 3 agus bratach uimh 4 mar shaothair ealaíne rannpháirtíochta freisin in Forlì le linn EYE 2024 (an Cruinniú Eorpach um an Óige), a reáchtáladh in Ollscoil Bologna in Forlì. Tá na saothair ealaíne ina gcuid d’fheachtas #paintEU ‘One hour for Europe – Italia’ chun luachanna an Aontais a chur chun cinn trí shaothair ealaíne.
Bratach uimh. 3: Iarradh ar na rannpháirtithe oibriú le 2 shraith de bhratacha Bhallstáit an Aontais agus bratach an Aontais. Ba é toradh na hoibre sin bratach athdheartha a d’fhéadfadh a bheith dealraitheach le bratach LGBTQIA+ nó bratach barrachóid AE OMA. Ar an taobh eile, is féidir linn bratach an Aontais a fheiceáil i gcónaí.
Bratach uimh. 4: Le linn an imeachta, iarradh ar na rannpháirtithe a marana a dhéanamh ar an gcuma atá ar bhratach an Aontais inniu, agus na chéad toghcháin eile, mar aon lena dtuairimí den Aontas Eorpach, a phlé. Rinne na rannpháirtithe siombail a fhuáil ar chanbhás gorm a bhí dealraitheach le dath bhratach an Aontais mar mholadh chun bratach na hEorpa a athléiriú. Roghnaíodh gníomh na fuála toisc formhór na rannpháirtithe (leanaí, daoine fásta,…) a bheith in ann fuáil a dhéanamh. Bhí an fráma 6m ar fad agus ba ghá do dhaoine oibriú ina mbeirteanna (duine an taobh) chun a siombail a fhuáil ar an mbratach.