Skip to main content

ROSINA LUI

Hygge, 2024

seantábla íseal adhmaid a dathaíodh le haicrileach, 41 x 74 x 74 cm.

 ‘Céard a theastaíonn chun ‘hygge’ a chruthú? Is é atá in ‘hygge’ — a léadh a chéaduair i litríocht na Danmhairge sa 19ú céad — focal coitianta uilíoch a chuireann sástacht sheascair, shuairc in iúl. Ní staid shíceolaíoch aonair, agus é sin amháin, atá ann; is éard atá ann freisin ná muintearas, sábháilteacht, comhionannas, ceangal sóisialta agus sláine phearsanta an ghnáthshaoil. Tá struchtúr polaitiúil láidir agus inbhuanaithe ina bhonn le ‘hygge’, struchtúr trína dtacaítear le cearta agus saoirsí rannpháirtíochta cultúrtha, sóisialta agus polaitiúla gach aon.

Sa phíosa seo — seantábla caife íseal i lár seomra suí, go bunúsach — léirítear bunús na sochaí oscailte, daonlathaí agus comhordaithí. Tá an tábla caife ábhartha i gcónaí toisc go bhfreastalaítear go seasta, trí dhearadh an tábla, ar riachtanais iomlaoideacha úsáideoirí éagsúla. Tá an tábla caife, a bhíonn i gcaiféanna agus i dtithe, ina spás príobháideach agus ina spás comhroinnte araon. Tháinig an leagan níos fairsinge, níos ísle ar leith seo chun cinn tar éis na tréimhse iarchogaidh, agus is amhlaidh atá sé níos praiticiúla do spásanna maireachtála ina bhfuil slí, ní hamháin do chaife, ach freisin do leabhair, do vásaí agus d’ornáidí eile. Nuair a tháinig an teilifís ar an bhfód sna 1950idí, íslíodh dromchlaí na dtáblaí caife a thuilleadh ionas nach múchfadh an tábla an radharc ar an teilifís, fiú agus nithe éagsúla air.

Is féidir ornáidí éagsúla a chur ar an tábla caifé toisc cosa an tábla a bheith in ann meáchan an tábla a iompar. Dála tábla caife, bíonn an baol ann go rachaidh sochaí i léig mura mbíonn torthaí comhionanna ann do na pobail uile. I bhfianaise thoghcháin Pharlaimint na hEorpa, tá deighilt mó sa mhó ann sa tsochaí mar gheall ar insintí gáifeacha agus mar gheall ar na meáin a bheith ag déanamh ceap milleáin de ghrúpaí áirithe sa tsochaí. Tá beartais chonspóideacha den sórt sin gan beann ar an daonnacht inbhuanaithe agus ar an ngeilleagar inbhuanaithe toisc go gcuireann siad bac ar inrochtaineacht agus oscailteacht acmhainní, cistithe agus cultúir. Conas is féidir linn an éagsúlacht agus an bheogacht a théann chun tairbhe cách uile a chaomhnú?

Tá cleachtais éagsúla, chuimsitheacha agus chothroma fíor‐riachtanach chun láidreachtaí reatha na sochaí oscailte agus daonlathaí a chaomhnú. Is ann do gach ní agus deasghnáth — ó na tiúilipí úra a cheannaítear ó mhargadh an tSathairn go dtí an vása deilfe gorm ina bhfuil siad anois — mar gheall ar iolracht agus ar chrosphailniú, agus mar gheall orthu sin amháin’.