Skip to main content

SARA BANYAI & ALANNA PIQUET

Rethink with the Communitives of Malmö (2024.06.01)

Leabhar: 100 leathanach A5; paca cártaí agus bord.

‘Táimid ar fad ag iarraidh a bheith inár gcuid de rud éigin. Inár gcuid de ghrúpa cairde, inár gcuid de dhream daoine a bhfuilimid muinteartha leo, inár gcuid de dhrong a bhfuil athrú á dhéanamh acu. Anois, bímis inár gcuid de chomhrá.

Is é atá in ‘Rethink’ ná céim ionsar chomhar agus líonra gníomhach pobal cultúrtha, sóisialta agus sibhialta* i Malmö. Sa tionscadal seo, thugamar 35 phobal agus tionscnamh logánta le chéile d’fhonn iad a léiriú i gcluiche spraíúil, ach cluiche oideachasúil ina dhiaidh sin féin. Is féidir le daoine an cluiche a úsáid mar uirlis chun eolas a chur ar Malmö, chun naisc nua a aimsiú agus freisin chun smaointe a d’fhéadfadh lorg a fhágáil ar an am atá le teacht a chur in iúl.

Is féidir leat ‘Rethink’ a imirt agus teacht ar réitigh nuálacha. Tá 10 gcárta leide sa phaca cártaí a spreagann na himreoirí le fadhbanna sóisialta éagsúla a réiteach trí obair na ‘communitives’ a chur le chéile sa chluiche. B’fhéidir go bhféadfaí, trí chomhar cruthaitheach idir caifé deisiúcháin a bhfuil oibrithe deonacha ina bhun agus compántas amharclannaíochta pobail, dul i ngleic le cur amú bia iomarcach sa chathair. Conas a dhéanfaí amhlaidh? Is fútsa atá sé cinneadh a dhéanamh faoi sin!

An 1 Meitheamh, d’eagraíomar Féile ‘Communitive’ inar ceiliúradh an tionscadal agus inar músclaíodh feasacht ar conas is féidir le saoránaigh a bpobail a chosaint trína gceart vótála a fheidhmiú. D’itheamar cácaí éisc veigeánacha agus sinn ag damhsa de réir an djembe agus freisin agus staidiúir á cur orainn féin againn do phortráidí a rinneadh ar shlí éagsúil.

*Communitive: Téarma a chumamar chun cur síos a dhéanamh ar an gcomhar idir tionscnaimh atá dírithe ar an bpobal agus pobail a bhfuil sé de mhisneach acu tionscnamh a dhéanamh.’