Skip to main content

ZSOFI KOZMA

//NEM// SZÁMÍTOK / I DO //NOT// MATTER, 2024.

Suiteán, 40cm x 800 cm

Sa saothar dar teideal ‘NÍL TÁBHACHT LIOM’, scrúdaítear an dóigh a n-airíonn an té atá scoite amach ón saol, is é sin an té sin arb eisean amháin atá scoite amach ón saol mar aon le dream daoine atá ina gcoimhthígh. Tá na stiallacha téacs ina léiriú ar phearsana laistigh den phíosa, atá fite fuaite ina chéile tríd an ábhar fite.

Tugann an saothar ealaíne ar an mbreathnóir an píosa a scrúdú go gníomhach, agus é a athrú sa dóigh is gur deimhniú dearfach a bhíonn sna stiallacha téacs feasta agus nach ciall dhiúltach a bhíonn leo a thuilleadh. Tríd an bpíosa a athrú, bíonn caoi ag na breathnóirí ar chéim bheag a ghlacadh ionsar athrú a dhéanamh go gníomhach, agus ar tharraingt ar an mbrath úd ina saol laethúil i dtaobh nithe eile freisin.