- An bailiúchán
- Astratto
Astratto
an Iodáil, 1986
Ola agus gaineamh ar chanbhás, 78 x 98 cm
Ceannaithe trí Galleria dell’Oca (an Róimh)
Bhí tionchar mór ag Giulio Turcato ar an teibíocht iarchogaidh san Iodáil ach, mar sin féin, ní féidir é a lua go héasca le haon ghluaiseacht le linn na tréimhse sin. Tar éis dó céim a bhaint amach san ealaín sa Veinéis, bhog sé go Palermo agus Milano sular shocraigh sé síos sa Róimh ar deireadh thart ar 1943. Sa phríomhchathair, ba ghnách dó dul chuig áiteanna a mbíodh lucht an chultúir ag tarraingt orthu agus chuir sé aithne ar ealaíontóirí a raibh an dearcadh fadbhreathnaitheach céanna acu. Ag an am sin, níorbh fhéidir an cultúr agus an pholaitíocht a scaradh ó chéile agus, tar éis dó troid ar son fhrithbheartaíocht na hIodáile, theastaigh ó Turcato a chuid ealaíne agus a chlaonadh polaitiúil a thabhairt le chéile tuilleadh. Agus na smaointe sin mar threoir aige, shínigh sé forógra an fhoirmiúlachais in 1947 agus bhunaigh sé an grúpa Forma 1. In 1952, chuaigh sé leis an Gruppo degli Otto (i dteannta Emilio Vedova atá mar chuid den Bhailiúchán seo freisin). Mar sin féin, chruthaigh righneas teoiriciúil Turcato teannas go sciobtha laistigh dá chuid grúpaí agus de na páirtithe polaitiúla a raibh baint acu leo. Is an-léiriú é Astratto ar stíl na hIodáile le linn na 1970idí-1980idí. Agus é ag imeacht ó nádúr fiáin, foréigneach fiú, an todhchaíochais agus an eispriseanachais theibí, mhoilligh Turcato a chuid ealaíne de réir a chéile, rinne sé na línte agus na dathanna inti níos boige agus chuir sé ábhar machnaimh ar leith ar fáil don am sin. Cuireann an chothromaíocht íogair chrómatach agus ghrafach atá le fáil sa phictiúr seo béim ar na príomhthréithe a bhaineann le cur chuige Turcato.
Tuilleadh ealaíontóirí ón tír seo a leanas:
an Iodáil
- Valerio ADAMI
- Yasmin BRANDOLINI D'ADDA
- Bruno CASSINARI
- Maurilio CATALANO
- Fabrizio CLERICI
- Pietro CONSAGRA
- Armando DE STEFANO
- Marta DELL’ANGELO
- Paolo della BELLA
- Tano FESTA
- Giosetta FIORONI
- Salvatore FIUME
- Carlo GUARIENTI
- Piero GUCCIONE
- Marcello JORI
- Dieter KOPP
- Jannis KOUNELLIS
- Leonardi LEONCILLO
- Luigi MAINOLFI
- Marina MARCOLIN
- Antonio MÁRO
- Franco MARROCCO
- Titina MASELLI
- Denise MASTEL
- Martina MERLINI
- Vasco MONTECCHI
- Luigi MORMINO
- NUNZIO
- Luigi ONTANI
- Mimmo PALADINO
- Giulio PAOLINI
- Gianfranco PARDI
- Enrico PAULUCCI
- Carlo PIZZICHINI
- Arnaldo POMODORO
- Carol RAMA
- Nino RUJU
- Giuseppe SALVATORI
- SALVO
- Aligi SASSU
- Mario SCHIFANO
- Emilio TADINI
- Nani TEDESCHI
- Marco TIRELLI
- Giulio TURCATO
- John VASSAR HOUSE
- Emilio VEDOVA
- Gianni VISENTIN
- Rodolfo ZILLI