Skip to main content

Bianco e Nero

Bianco e Nero © SABAM Belgium 2018

an Iodáil, 1964

Aicrileach ar pháipéar anuas ar chanbhás, 42 x 58.50 cm

sínithe agus dátaithe (in íochtar ar dheis)


Is maith atá a fhios ag Emilio Vedova faoin athrú aeistéitice a léirigh sé féin agus an ghlúin lena mbaineann sé. Chuir sé oiliúint air féin dáiríre trí ranganna oíche simplí thall is abhus. Le linn an Dara Cogadh Domhanda, chuir Vedova a chuid tuairimí in iúl trína chuid ealaíne. In 1943, chuaigh sé isteach sa ghrúpa frith-fhaisisteach Corrente, ar thacaigh na baill ann le gluaiseacht réabhlóideach na Veinéiseach. Ón bpointe sin ar aghaidh, ghlac formhór lucht aitheantais Vedova seasamh ealaíne. Mar shampla, shínigh sé, in éineacht le daoine eile, Oltre Guernica in 1946 chun an teibíocht léiritheach a chur chun cinn. Bhunaigh sé Fronte Nuovo delle Arti an bhliain ina dhiaidh sin. In 1956, lean sé air de bheith ag briseadh talamh nua trí dhul isteach in Gruppo degli Otto agus chuir sé saothair ar taispeáint i gcomhar leo ag Biennale na Veinéise. Áitítear de ghnáth gur as an taispeántas sin a tháinig an ghluaiseacht mór le rá Arte Informale. Is léiriú é Bianco e nero ar an gcaoi a ndeachaigh Vedova i muinín na teibíochta mar bhealach chun a chlaonadh agus a ardmhianta polaitiúla a chur in iúl. Tá neamhréir sa saothar, tá sé uilleach, géar agus – mar a thugtar le fios go simplí sa teideal – tá codarsnacht ann. Léirítear briseadh, athrú riachtanach chun cosc a chur leis an méadú leanúnach ar an teannas seo nach féidir a leigheas.