Skip to main content

Nadar

Nadar © SABAM Belgium 2018

an Iodáil, 1983

Peann luaidhe agus uiscedhathanna ar pháipéar, 56 x 42 cm

sínithe agus dátaithe (in íochtar ar dheis)


Fear ar mór aige na mionsonraí, rinne Fabrizio Clerici a inniúlacht ghairmiúil agus na nithe ar díol spéise dó iad a chur in iúl ina shaothair ealaíne. Bhain sé céim san ailtireacht amach in 1937. Línitheoir thar a bheith oillte, ní dhearna Clerici a chruinneas agus a bheachtas a cheansú riamh, ach a mhalairt i ndáiríre. Leis an tionchar a bhí ag máistrí agus ag séadchomharthaí móra thréimhsí na hAthbheochana agus barócacha ar a shaothar agus leis an inspioráid a fuair sé uathu, léirítear go leanúnach an t-ómós atá aige do na réanna iontacha sin ina shaothar ealaíne, bíodh sin ar bhonn téamach nó ar bhonn stíleach. Beidh claontaí ailtireachtúla an ealaíontóra ina siocair leis a bheith rannpháirteach i saol na hamharclainne mar dhearthóir seit (1947). D’éirigh thar barr le Clerici sa timpeallacht sin, agus é ag saothrú i ngort na hamharclainne, an cheoldráma agus an bhailé. B’fhéidir go ndéanann dúspéis an ealaíontóra i dtréimhse na hAthbheochana míniú a thabhairt ar rannchuidiú Clerici le Bailiúchán Ealaíne Comhaimseartha Pharlaimint na hEorpa. Go deimhin, sa saothar Nadar, mar a thugtar le fios sa teideal, léirítear Félix Nadar (a raibh aithne air freisin mar Gaspard-Félix Tournachon; 1829–1910). Bhí cáil agus ardmheas ar Nadar mar ghrianghrafadóir, scigealaíontóir, iriseoir, úrscéalaí, balúnaí agus mar chumadóir an eapainm ‘nadar’, ainm a thugtar ar bhacainn slua-rialaithe. I ngach ceann dá chuid réimsí, d’éirigh thar barr le fear na Fraince agus rinne sé an méid a measadh a bheith indéanta ag an am a shárú. Ón taobh sin de, tagann sé leis an tuiscint atá ag Clerci ar céard is ‘fear ildánach’ ann. Éiríonn le Clerici an ildánacht sin a léiriú go paiteanta ina shaothar ealaíne, agus Nadar le feiceáil trí bhabhta i staidiúir agus i manaí éagsúla.