Ó ealaín mhealltach go healaín ghníomhaíoch dhaonlathach
Sa taispeántas Changemakers, scrúdaítear an dóigh ar féidir leis an ealaín a bheith ina siocair le hathruithe sa tsochaí trí shaothar glúnta éagsúla físealaíontóirí a chur le hais a chéile. Breithnítear ann ealaíontóirí Eorpacha ón dara leath den 20ú céad, ar díríodh ar cheisteanna sóisialta agus polaitiúla ina saothar, agus cuirtear i gcodarsnacht iad le healaíontóirí óga comhaimseartha a shaothraíonn an ealaín ghníomhaíoch – seánra hibrideach trína ndéantar teicnící na n-ealaíon amhairc agus taibhiúcháin agus straitéisí agus cuspóirí an ghníomhaíochais a thabhairt le chéile[i].
Measann an dá ghlúin ealaíontóirí go bhfuil tábhacht pholaitiúil ag roinnt lena saothar, ní hamháin ó thaobh na hidé-eolaíochta agus na filíochta de, ach ó thaobh na teicniúlachta agus an ábharachais de freisin. Is dóigh leo go dtugann a saothar guth don phobal ar de iad, agus gur léiriú criticiúil é freisin ar cheisteanna tráthúla a ngabhann tábhacht shóisialta leo.
Ina theannta sin, mar a fheicfear ar fud na catalóige seo, tá comparáidí déanta ag roinnt de na healaíontóirí roghnaithe idir gnásanna, straitéisí agus cineálacha comhair a saothair ealaíne agus na próisis mhachnaimh, chaibidlíochta agus chinnteoireachta is gnách a bheith i gcóras daonlathach parlaiminteach.
Agus píosaí á roghnú as Bailiúchán Ealaíne Comhaimseartha Pharlaimint na hEorpa, díríodh ar ealaíontóirí a thug aghaidh, i rith a ngairme agus ina saothair ealaíne, ar cheisteanna sósialta agus polaitiúla a linne, go háirithe Emilio Vedova, A.R. Penck, Georg Baselitz, Felix Droese, Darío Villalba, Jannis Kounellis agus Adolf Frohner. Tá saothar agus gairm gach duine acu, agus an dóigh ar oibrigh siad i gcomhar le healaíontóirí eile agus a ndearna siad de réir forógraí, ina léiriú ar an mbealach ar chuir siad i gcoinne constaicí stairiúla, polaitiúla agus sóisialta a d’fhéadfadh srian a chur leis an tsaoirse smaointeoireachta agus leis an tsaoirse cainte, nó a d’fhéadfadh a bheith ina mbagairt orthu.
Bhí roinnt acu toilteanach aghaidh a thabhairt ar ábhair agus ar chruacheisteanna a chothaigh corrabhuais i measc an phobail agus i measc an dreama a raibh cumhacht pholaitiúil acu – tréith ba ghné fhollasach den chonair ealaíne a shiúil ealaíontóirí amhail Darío Villalba, Claus Carstensen nó Yiannis Psychopedis. Tá a saothar ina léiriú seasta ar an gcreideamh láidir go mbíonn freagracht dhosheachanta ar an bpéintéir nó ar an bhfísealaíontóir dearcadh an bhreathnóra a athrú.
Sa bhreis ar na healaíontóirí thuasluaite, agus chun nasc a chothú idir an t-am a chuaigh thart agus an fhreacnairc, cuid den taispeántas freisin is ea saothar ealaíontóirí gníomhaíocha óga. Rinne a lán acu píosa ealaíne nó idirghabháil faoin tionscadal ‘Pop the vote! Culture on the ballot’, tionscadal a sheol an comhlachas Culture Action Europe agus a chómhaoinigh Parlaimint na hEorpa. Ba é príomhchuspóir an tionscnaimh sin saoránaigh óga a spreagadh le vótáil i dtoghcháin Eorpacha 2024, go háirithe i dtíortha amhail an Bheilg inar íslíodh an aois vótála.
Sa taispeántas, tugtar aitheantas do shaothar ealaíontóirí Eorpacha a bhí tiomanta don tsaoirse pholaitiúil agus don tsaoirse cainte le linn a ngairme – rud a d’fhág, ar uairibh, iad a bheith i mbaol nó gur dheacair dóibh a ngairm a shaothrú. Bhí ról nach beag ag na healaíontóirí úd maidir le teorainneacha teicniúla agus téamacha na n-ealaíon amhairc a leathnú, agus é de mhisneach acu cur i gcoinne gnásanna agus cinsireachta.
Tá an roghnú ar fad leagtha amach ina cheithre chaibidil, rud atá ina léiriú ar na príomhthéamaí is ábhar do shaothair an bhailiúcháin agus d’ealaín ghníomhaíoch na glúine óige.
- 1. Saoirse cainte, saoirse gothaí agus teanga
- 2. Eitic agus saoirse pholaitiúil, daonlathas agus vótáil
- 3. Imirce: imeascadh agus an fhéiniúlacht Eorpach
- 4. Cúram a dhéanamh díobh siúd is leochailí
- 5. Additional Resources

[i] Nossel, S., ‘Introduction: On ‘Artivism,’ or Art’s Utility in Activism’, Social Research: An International Quarterly, Iml. 83, Uimh. 1, 2016, lgh. 103-105. Project MUSE, https://doi.org/10.1353/sor.2016.0023.
Ar chúiseanna eagrúcháin agus teicniúla, b’fhéidir nach ndéanfaí na saothair ealaíne go léir a áirítear anseo a chur ar taispeáint sna spásanna taispeántais uile – sa Bhruiséil agus in Strasbourg ar dtús.