4. Cúram a dhéanamh díobh siúd is leochailí
In 2024, ghlac an Pharlaimint roinnt téacsanna reachtacha chun athchóiriú a dhéanamh ar bheartas imirce agus tearmainn na hEorpa, mar a comhaontaíodh le Ballstáit an Aontais Eorpaigh[i]. I measc phríomhchuspóirí an Chomhshocraithe seo maidir le hImirce agus Tearmann tá rialáil a dhéanamh, ar bhealach níos cothroime agus níos éifeachtaí, ar an dóigh a dtugann na Ballstáit cosaint do dhaoine a bhfuil géarleanúint agus foréigean á ndéanamh orthu.
Tá imeascadh eachtrannach agus dídeanaithe i dtíortha an Aontais ar cheann de na téamaí agus na hábhair imní a léirítear sna saothair a ghrúpáiltear faoin gceannteideal seo. Sa tionscadal dar teideal Russian occupation in Georgia [Forghabháil na Rúise ar an tSeoirsia] (2024), déanann Ani Melikidze an fhóta-iriseoireacht agus an phortráidíocht a shníomh le chéile. Amharcann na pearsana ann, ar dídeanaithe iad, idir an dá shúil orainn go díreach, gan scáth gan eagla. Tá hallaí agus staighre an tsanatóra inar cuireadh dídeanaithe i gcathair na hAbcáise, mar gheall ar ionradh na Rúise, ina léiriú ar an léirscrios agus an milleadh go léir atá déanta de dheasca an chogaidh. Ar an dul leis na híomhánna úd, in Nimeta (2001) le Alice Kask, léirítear seanphíosa pollta adhmaid a bhfuil de chuma air go bhfuiltear díreach i ndiaidh é a tharraingt as carn smionagair.
Alex FLETT – Ionic Pastoral
ANI MELIKIDZE – Russian occupation in Georgia
ANI MELIKIDZE – Russian occupation in Georgia
ANI MELIKIDZE – Russian occupation in Georgia
ANI MELIKIDZE –
TWOFOURTWO –
TWOFOURTWO –
Alice KASK – Nimeta
ZSOFI KOZMA – //NEM// SZÁMÍTOK / I DO //NOT// MATTER
ZSOFI KOZMA –
Darío VILLALBA – Itero Malva
Tiong ANG – Portret van een jongen (animatie)
In //NEM// SZÁMÍTOK (NÍL TÁBHACHT LIOM) (2024) – tugann Zsófi Kozma tuairim ar a dheacra a bhíonn sé do go leor imirceach imeascadh san Eoraip trína suiteán teicstíle fíneálta agus fairsing. Scrúdaítear an téama úd freisin i roinnt saothar leis an dís TWOFOURTWO (Constantinos Kounnis agus Costas Mantzalos): Postcards from Cyprus [Cártaí poist ón gCipir] (2017) agus Kalos Kakos Ilthate [Tá fáilte romhaibh, Níl fáilte romhaibh] (2020-2021).
Saothar is ea Cártaí poist ón gCipir (2017) a rabhthas ina bhun ar feadh trí bliana. D’eascair sé ar dtús as an seasamh criticiúil a ghlac TWOFOURTWO i leith na staide sochpholaitiúla sa Chipir d’éis na géarchéime airgeadais in 2013 agus d’éis chliseadh an chórais baincéireachta[ii].
Tarraingítear aird ar an dóigh a gcaitear le dídeanaithe tríd an suiteán neoin ar an gcladach: Kalos Kakos Ilthate [Tá fáilte romhaibh, Níl fáilte romhaibh] (2020-2021)
Déanann an grúpa ealaíne TWOFOURTWO scrúdú ar an inimirce agus ar cheist na ndídeanaithe trí bhíthin shamhlaoidí a ngrianghraf tírdhreacha, a dhíríonn ar an bhfarraige agus ar an gcladach. (…) Smaoiníonn an breathnóir ar an lingua franca idirnáisiúnta reatha a úsáidtear chun na samhlaoidí úd a léiriú, mar shampla ‘sreabhadh dídeanaithe’, ‘díláithriú’ agus na focail scáfara ‘lasta daoine’. Ar chomhartha déthaobhach léitear ‘καλώς/κακώς ήλθατε’, focail a mheabhraíonn dúinn gur turas contúirteach gurb ea é. Mar gheall ar an litir ‘K’ a bheith curtha in ionad na litreach ‘L’ d’aon ghnó, is féidir bríonna iomadúla a bhaint as na focail. Ó ‘tá fáilte romhaibh’ go ‘NÍL fáilte romhaibh’ nó fiú ‘pé olc maith é, tá fáilte romhaibh, cibé’[iii].
Tá cúram leanaí, ‘Dídeanaithe nua na hEorpa’, i dtionscadal grianghraf Ani Melikidze, ina théama lárnach i ndiptic Tiong Ang dar teideal Portret van een jongen (animatie) [Portráid de Bhuachaill (Beochan)] (1993). Léirítear ann, i stíl fíor-ghrianghraif, buachaill atá ag déanamh a suaimhnis ar leaba. D’úsáid an t-ealaíontóir péint uaine, a raibh imir leathbhuí mífholláin ann, ar chanbhás caol, a leagadh ar fhráma a raibh cruth leabhair oscailte air. Fágann mogall súile a bheith á tharraingt siar ann d’fhonn scrúdú a dhéanamh ar mhac imrisc go ndéantar, de thaisme, b’fhéidir, na seatanna gar-amhairc scáfara a d’úsáid Luis Buñuel sa scannán osréalaíoch, UnChien Andalou, a rinneadh in 1929, a dhúiseacht. Sa chás úd, áfach, is amhlaidh a osclaíodh an tsúil le lámh láidir d’fhonn í a ghearradh ina slisní le scian phóca. Meafar ab ea é sin don dóigh radacach a raibh iarracht á déanamh ag an ealaíontóir ar dhearcadh na mbreathnóirí a leathnú.
Leochaileacht agus breoiteacht ba chás le Darío Villalba (1939-2018) agus Alex Flett (a saolaíodh in 1950), agus dhíríodar orthu sin trí úsáid a bhaint as straitéisí amhairc éagsúla. In Itero (1989) le Villalba tá blúirí, idir bhlúirí pictiúrtha agus bhlúirí fótagrafacha, de chodanna móra den cholainn dhaonna, ar dodhéanta iad a aithint go beacht. Léirítear collaíocht chorrach na gcodanna sin, ámh, trí úsáid a bhaint as imreacha éagsúla léith. Ba dhual don ealaíontóir úd an phéintéireacht agus an ghrianghrafadóireacht a fhí le chéile ar an gcuma sin. Taibhsíonn sé go ndearnadh grinnscrúdú ar shaothar de na saothair trínar thabhaigh sé clú dó féin, i bhfad is i ngearr, sna 1960idí, eadhon an tsraith encapsulados, in Itero. Thug Andy Warhol ‘pop soul’ ar an saothar toisc a thógtha a bhí sé leis an bhfírinne dhaonna dhomhain a raibh na pearsana anaithnide ina léiriú uirthi: lucht déirce, atá faoi mhíchumas agus imeallaithe, nó daoine breoite, atá scartha ó chéile i mbolgáin aicrileacha[iv].
Memento mori neamhghnách is ea Ionic Pastoral (1996) le Alex Flett.Is amhlaidh a bhí pictiúir Bharócacha ón 17ú céad de thírdhreacha aoibhne ina dtagadh aoirí, gan choinne, ar bhlaosc daonna nó ar thuama daonna, ar a mbíodh an iarscríbhinn ‘Et in Arcadia ego’ greanta, ina léiriú coitianta ar an dóigh a ndéanadh daoine a marana ar neamhbhuaine na beatha. Is é a dhéanann Fleet, áfach, nasc a chothú idir saothar polacrómatach bríomhar, a péinteáladh ar chanbhás agus a leagadh ar an urlár, agus blaosc caorach, arb ann dó go ciúin, ach go cumhachtach, mar sin féin, atá ar bharr colún tótamach.
Mar a dúirt Flett féin:
I mbonn an phictiúir (olaphictiúr ar chanbhás), úsáidtear íomhánna ón seanchleachtas Ceilteach trína ndéantaí clocha ar dhéanamh taoschnó a chur suas agus trína gcuirtí daoine breoite, go háirithe leanaí a mbíodh raicíteas, aicíd uireasa vitimíní, orthu, d’fhonn iad a leigheas ar bhealach draíochtúil. Léirítear an coincheap ársa úd tuilleadh trí úsáid a bhaint as blaosc reithe atá ar barr cuaille claí adhmaid, atá cumhdaithe le sceall, ar léiriú ar aineolas ‘págánta’ é.
Tá lionsaí gloine laistigh de na logaill súile, áfach, ar péinteáladh Crosa Ceilteacha beaga ar a gcúl. Is é a dhéanadh na sean-naoimh Cheilteacha, go háirithe Naomh Colm Cille in Í, seilbh a ghlacadh ar sheanláithreacha Págánta Ceilteacha agus a gCríostú le cros. (…) B’fhadhb thromchúiseach iad raicíteas agus aicídí eile uireasa vitimíní nach é in Albain agus san Eoraip ar feadh na gcéadta blianta anuas go dtí an céad seo.
Tá a lán dea-pholaiteoirí ag troid chun feabhas a chur ar aiste bia agus caighdeán maireachtála na ndaoine is mó atá i mbaol, dála mar a throid Colm Cille ar son anam tíre bige fiáine 1,400 bliain ó shin. Cath comhuaineach i gcoinne an deargnamhaid, i.e. aineolas. Tá súil ag an ealaíontóir go spreagfaidh Ionic Pastoral polaiteoirí laistigh de Pharlaimint na hEorpa le hiarracht a dhéanamh ar aineolas agus aicídí a dhíothú cibé áit a bhfuil siad[v].
[i] Parlaimint na hEorpa, ‘Na Feisirí a fhormheas an Chomhshocraithe nua maidir le hImirce agus Tearmann’, ar fáil ag: https://www.europarl.europa.eu/news/ga/press-room/20240408IPR20290/meps-approve-the-new-migration-and-asylum-pact; Parlaimint na hEorpa, ‘Traein Reachtach 06.2024, 5: Ár nDóigh Bheatha Eorpach a chur chun cinn – An Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce – R3 2020’, ar fáil ag: https://www.europarl.europa.eu/legislative-train/carriage/asylum-and-migration-management-regulation/report?sid=8201.
[ii] Mantzalos, C. agus V. Pericleous, ‘Cultural Errors and Creativity: How Visual and Textual Triggers Create New Meanings’ [Earráidí Cultúrtha agus Cruthaitheacht: An dóigh a gcruthaíonn Truicir Amhairc agus Téacsúla Bríonna Úra], Error is New Culture, ‘Úsáideann 242 sealbhú ina saothar. D’úsáideadar agus d’athchruthaíodar coincheapa úra ó a lán comharthaí tionsclaíocha a baineadh anuas de ghnóthais fhéimhithe mar gheall ar an ngéarchéim airgeadais. Sa bhreis air sin, rinneadar an saothar a chur i gcomhthéacs úr trí bhrí na gcomharthaí úd a athrú chun ainmneacha / focail nua a athchruthú. Ainmneacha agus focail iad sin trína ndéantar dearcadh criticiúil ar an staid reatha sa Chipir a chur chun cinn. Tá imeartas focal ann maille le meascán téacsanna agus íomhánna, a léiríonn an saol laethúil sa Chipir trí choincheap an tomhaltachais, na sainte agus na meigleamáine (…) Ag an am céanna, cuireann siad ceisteanna úra, amhail: an é atá sa ghéarchéim airgeadais ná ‘Fadhb Nua na Cipire’? an gcuirfear na focail ‘fiacha neamhthuillmheacha’ agus ‘dífhostaíocht’ in ionad na bhfocal ‘talamh gafa’ agus ‘dídeanaithe’?’.
[iii] Ibidem.
[iv] Museo Nacional Centro de Arte Reina Sofía, ‘Darío Villalba: una visión antológica, 1957-2007’, Maidrid, 2007.
[v] Cartlann Bhailiúchán Ealaíne Pharlaimint na hEorpa.