1. Saoirse cainte, saoirse gothaí agus teanga
Tá an tsaoirse smaointeoireachta agus an tsaoirse cainte ina mbunchlocha de shochaí atá daonlathach go fíor, ina ndéanann saoránaigh a gcearta a fheidhmiú agus ina dtugann siad tuairim, ar bhealach éifeachtach, de cheisteanna atá ábhartha don phobal. Leathnaíonn na saoirsí bunúsacha sin nó go mbíonn siad ina saoirsí nithiúla i réimsí éagsúla den tsochaí – saoirse na meán[i], an tsaoirse acadúil[ii], nó saoirse na n-ealaíon agus na n-eolaíochtaí[iii]. Tá aird ar leith tugtha ag an bParlaimint orthu go léir trína seasaimh agus trína comhdhálacha[iv].
Maidir le réimse na n-ealaíon, aithníonn an Pharlaimint an méid seo a leanas: Tá cur chun cinn na héagsúlachta cultúrtha Eorpaí agus na feasachta ar fhréamhacha coiteanna bunaithe ar shaoirse an léirithe ealaíonta (…)’[v]. Is fada ealaíontóirí i bhfách leis an tsaoirse úd a bheith ann toisc go gcuireann sí ar a gcumas dóibh saothair bhunaidh agus luachmhara a chruthú.
Tá fuascailt bhuillí an ealaíontóra ar dhromchla an chanbháis ar cheann de threochtaí seasta na dtreochtaí teibí atá tagtha chun cinn ó tháinig deireadh leis an Dara Cogadh Domhanda, san Eoraip agus sna Stáit Aontaithe araon, cibé acu san ealaín neamhfhoirmiúil nó san eispriseanachas teibí é sin. Is minic a spreag línte réidhe challagrafaíocht na Síne agus staideanna machnamhacha Bhúdachas Zen na gluaiseachtaí ealaíne úd.
Poets for Democracy
Poets for Democracy
Poets for Democracy
BURHAN DOĞANÇAY –
FELIX DROESE – Das Sichtbare des Unsichtbaren
ADOLF FROHNER –
LEANDER KAMPF & SAM ALEKKSANDRA –
Democratic Body
A. R. PENCK –
Tura Kultura
Tura Kultura
Tura Kultura
Tura Kultura
EMILIO VEDOVA –
Form of Freedom
Form of Freedom
PAT ANDREA –
GEORG BASELITZ –
JANNIS KOUNELLIS –
Tá Homage to Calligraphy [In ómós na callagrafaíochta] (1981), ar solaoid dhearscnaitheach é de codanna is stílithe agus is snasta de shaothar pictiúrtha an ealaíontóra Turcaigh Burhan Doğançay (1929-2013), ina chuid de shraith Ribbon s’aige. Taibhsíonn sé go bhfuil na línte spadhrúla agus cuartha tar éis scoitheadh, agus iad ar crochadh dála ribíní ar bhalla samhailteach, agus ina solaoid shuaithinseach trompe l’oeil a chuireann an challagrafaíocht Ioslamach i gcuimhne dúinn.
Is go fonnmhar a dhéanadh Doğançay staidéar ar phóstaeir a bhíodh greamaithe de bhallaí i mórcheantair uirbeacha. I lár na 1970idí, chuir sé tús le tionscadal grianghrafadóireachta cuimsitheach dar teideal ‘Walls of the World’ [‘Ballaí an Domhain’]. Tá lorg shaothar an ealaíontóra Fhrancaigh Jacques Villeglé, duine de cheannródaithe na healaíne sráide sa chéad chuid de na 1950idí agus fear a chruthaigh bailiúchán nótáilte décollage agus ealaíne póstaeir stróicthe, ar an togra seo. Fágann sé sin luach aeistéitiúil a bheith ag roinnt leis na sraitheanna póstaer agus píosaí páipéir atá greamaithe de bhallaí sa tsráid nó ar an meitreo i gcathracha móra.
Cé gurb é gearradh camtha agus callagrafach a dhéanann Doğançay ar an gcanbhás, 1950) is é a dhéanann Felix Droese (a saolaíodh in 1950), os a choinne sin, an canbhás a ghearradh agus a shnoí go fírinneach sa saothar Das Sichtbare des Unsichtbaren [A bhfeictear den ní dofheicthe], saothar a tugadh chun críche in 1986. Tá an teideal úd ina léiriú ar an dóigh a n-imríonn ár meon agus ár dtuairimí (an rud dofheicthe) tionchar, ní nach ionadh, ar ár réaltacht ábhartha (an rud infheicthe).
Ó thaobh Felix Droese de, tá dlúthnasc idir an ealaín agus an gníomhaíochas polaitiúil, dlúthnasc a bhfuil sé ag streachailt leis ó thús a ngairme i leith. In 1970, chláraigh sé in Kunstakademie Düsseldorf agus rinne sé léann faoi réir Joseph Beuys. Bhí Droese gníomhach i ngluaiseachtaí frithchogaidh, i ngluaiseachtaí frithimpiriúlacha agus i ngluaiseachtaí ar son an chomhshaoil, agus rinne sé a sheirbhís shibhialta mhalartach in institiúid shíciatrach. Mhúnlaigh léirsithe, príosúnacht, comhar iriseoireachta agus comhar gaolmhar, toghcháin agus iarrachtaí polaitiúla éagsúla eile gairm Droese.
Chruthaigh agus dhaingnigh A. R. Penck (1939-2017) a theanga neamhspleách agus phearsanta féin agus is gné thábhachtach dá shaothar í an teanga úd. Is é mianaidhm a lán ealaíontóirí comhaimseartha mór le rá déanamh amhlaidh. R. Penck’s (1939-2017) work. Is in Dresden na Gearmáine a saolaíodh é agus is é Ralk Winkler ab ainm breithe dó. Ghlac sé A.R. Penck mar leasainm in 1968 in ómós do Albrecht Penck, geolaí.
Le linn na 1960idí, chothaigh Penck aeistéitic fhíorach daoine cipíneacha agus comharthaí agus siombailí aonfhoirmeacha a chuireann líníochtaí réamhstairiúla i gcuimhne dúinn. (…) Lean sé den aeistéitic úd a shaothrú anuas go dtí an chéad chuid de na 1970idí agus é ina chónaí i mBeirlín Thoir, mar a thugtaí ar an mball úd an uair sin, i bPoblacht Dhaonlathach na Gearmáine (DDR). Bhí rialtas cumannach leatromach i réim an tan úd, agus is amhlaidh a rinne na póilíní rúnda (Stasi) faireachas ar Penck agus a leathbhádóirí toisc a úire agus a pholaitiúla a bhí a saothar[vi].
Chruthaigh Penck cód a bhí saghas cripteach agus bunúsach chun aon chineál cinsireachta nó ansmachta a sheachaint. D’úsáideadh sé ainmneacha bréige éagsúla agus a lámh á cur lena shaothar aige, rud a d’fhág gurbh fhusa a phictiúir a thabhairt amach as Poblacht Dhaonlathach na Gearmáine. In 1980, d’aistrigh sé go dtí an Ghearmáin Thiar agus rinne sé cairdeas le péintéirí nua-eispriseanaíocha amhail Markus Lüpertz agus Jörg Immendorff[vii].
Ó thaobh Emilio Vedova (1919-2006) – Bianco e nero [Dubh agus Bán] (1964) – de, duine de na máistrí ab fhearr ar an teibíochas sa 20ú céad san Iodáil, is é a bhi san ealaín ná uirlis réabhlóideach agus pholaitiúil. Chuaigh Vedova isteach sa ghrúpa frith-fhaisisteach Corrente in Milano in 1942 agus chomhshínigh sé forógra Oltre Guernica in Milano in 1946. Ba é Guernica Picasso siombail agus aeistéitic an Ghrúpa Corrente trínar chuireadar i gcoinne barbarthachta agus ansmachta[viii]. Ní raibh clár socraithe ag an gcumann, ach chuir baill an chumainn rompu an ealaín ‘nua-aimseartha’ a chosaint tráth a bhí feachtas na Naitsithe i gcoinne na healaíne mímhorálta ag leathnú go dtí an Iodáil. Tá pictiúir Vedova ó na 1950idí agus na 1960idí ina léiriú ar íogaireacht i leith fhorbairtí polaitiúla na haimsire, amhail na hagóidí réabhlóideacha ar fud na hEorpa in 1968. Tá Bianco e nero ina sholaoid den dóigh a ndeachaigh Vedova ar iontaoibh na teibíochta chun a chlaonadh polaitiúil agus a uaillmhianta polaitiúla a chur in iúl[ix].
Chruthaigh na healaíontóirí gníomhaíocha óga, faoi stiúir Elena Poljuha, sraith de cheithre phictiúr aicrileacha dar teideal Tura Kultura (2024). Ghlacadar cur chuige díreach, nithiúil nach mór, i leith na péintéireachta, agus is amhlaidh a bhíodar ar a ngogaide agus iad ag obair ar chanbhás a bhí leagtha anuas go cothrománach ar úrlár an stiúideo acu – modh atá bunaithe ar idirghníomhaíocht an-díreach agus an-dlúth idir an t-ealaíontóir agus an canbhás, dála phéintéireacht ghníomhaíochta Jackson Pollock.
Ba é toradh na hoibre sin íomhá bhríomhar, mhaoithneach agus spontáineach, atá dealraitheach le stíl theann agus neamharach phéintéireacht Adolf Frohner (1934-2007). In Odysseus auf der Suche (1997) le Frohner, is é atá sa cholainn dhaonna ná scáthchruth doiléir línte scothdhearga, éanasctha agus marcanna scoite, briste, agus taibhsíonn sé go bhfuiltear i ndiaidh colainn sraoillte a bhualadh anuas ar an gcanbhás. Tá an imlíne amscaí úd, a chuimsíonn an íomhá iomlán, ina léiriú ar a ghaire a bhí cur chuige Frohner do chur chuige ionsaitheach na ngníomhaithe Víneacha sna 1960idí – aeistéitic atá fós le sonrú sa phéintéireacht sin ó bhlianta deireanacha na 1990idí.
Maidir leis an bpéintéir Danmhargach Claus Carstensen (a saolaíodh in 1957), 1957) tarraingíonn sé sin ar an teanga eispriseanaíoch, phictiúrtha, úd freisin, teanga trína dtéitear i ngleic leis na gnéithe is gairbhe agus is drámata den saol, ach, chomh maith leis, trína dtugtar chun tosaigh iad.Is solaoid shoiléir é El Arba (1989) d’fheasacht stairiúil agus pholaitiúil láidir Carstensen. Trí úsáid a bhaint as dathanna glinne agus trí dhíriú ar ábhair ar minic forránach agus gránna iad, tugann an t-ealaíontóir dúshlán an bhreathnóra ar shlí fhollasach. Is follas sin ó ábhar Souk El Arba – aerpháirc mhíleata thréigthe sa Túinéis a úsáideadh sa Dara Cogadh Domhanda[x].
Mar a dúirt léirmheastóirí a phléigh lena chorpas:
Ní péintéir dorcha sa ghnáthchiall é Claus (Carstensen): péinteálann sé ábhair nach mian le duine ar bith aird a tharraingt orthu. (…) Is é is ábhar dá shaothar ná ceisteanna ionraice agus conspóideacha amhail an tsaoirse cainte, an t-ollsmachtachas, caidreamh collaí idir dhaoine agus lomnochtacht. Ó thaobh ábhair agus stíle de, is cuid suntais an dóigh a gceistíonn Claus Carstensen, gan stad gan staonadh, údaráis rialaithe, córais absalóideacha, catagóirí dochta agus a gcreidtear go coitianta[xi].
Tá an úsáid, ba gharbh agus ba neamhshlachtmhar d’aon ghnó, a bhaineadh Jannis Kounellis (1936-2017) as ábhair ina gné shainiúil dá shaothar féintagrach Composizione (1992). Cumhdaíonn sacéadach agus bloghanna guail cuid de ghrianghraf de shuiteán Kounellis ó 1969 i nDánlann Attico sa Róimh, suiteán a bhfuil 12 chapall bheo ann. Ba chloch mhíle shuaithinseach é sin i ngairm duine de phiardaí Arte Povera.
Tá stíl chonspóideach agus neamhghnách shaothar Kounellis le brath freisin, siúd is gur úsáideadh acmhainní plaisteacha an-éagsúil lena gcur i gcrích, ar na saothair fhíoracha ar pháipéar le Pat Andrea (a saolaíodh in 1942) 1942) – Black Magic [An Ealaín Dhubh] (1981) – agus le Georg Baselitz (a saolaíodh in 1938 1938) – Man with ball– beach picture [Fear gona liathróid – pictiúr de thrá] (1981). I saothar Andrea, gona líníocht mhín agus shlachtmhar, léirítear, ar bhealach soiléir, radharc a bhfuil cúlra gruama, draíochtúil ann. Tagraíonn sé arís is arís eile do théamaí amhail eagla, dúil, cumhacht, cruálacht agus anghrá ina shaothar. Os a choinne sin, léiríonn Baselitz, trí bhíthin línte scaoilte agus buillí leathana, ceann dá fhíoracha suaithinseacha, a bhíonn bunoscionn ina shaothar. In 1969, tháinig athrú ó thalamh ar chur chuige ealaíne Baselitz ach ar chinn sé ar na fíoracha ina gcuid pictiúr a phéinteáil agus a léiriú i riocht agus go mbeidís bunoscionn iontu feasta. Is fianaise í an phéintéireacht ‘inbhéartaithe’ úd ar mhian an ealaíontóra a chonair féin a shiúl go docht – neamhspleáchas a bhí léirithe cheana aige trí ‘Pandemonic Manifestos’ (1961-62), a scríobh sé i dteannta Eugen Schönebeck[xii].
Na saoirsí sin is bunchuid den saol san Eoraip inniu, eadhon an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus an tsaoirse cruthaithe, an tsaoirse chun léirithe coirp agus an tsaoirse labhartha, an tsaoirse smaointeoireachta agus an tsaoirse cainte, agus an tsaoirse gluaiseachta geografaí – tá siad go léir ina móitífeanna lárnacha de na saothair ealaíne gníomhaíche a leagtar amach sa chuid seo.
Is é atá in Democratic Body (2024) le Leander Kampf agus Sam Alekksandra ná físthaibhiú ina ndéanann Kampf damhsa agus ina n-aithrisíonn Alekksandra dán. Tá an damhsa bunaithe ar pharaiméadair fhoirmiúla a ndeachthas i gcomhairle leis an pobal ina leith. Trí shuirbhé (ar líne), chinn na freagróirí struchtúr an damhsa, bunaithe ar chritéir agus saintréithe áirithe (na codanna den cholainn is mó a úsáidtear, rithim, treo, etc.).
Sa Citizens’ Garden Poetry Slam (2024), tháinig roinnt filí Eorpacha le chéile d’fhonn léargas a thabhairt dá chéile ar shaothar a chéile, agus chun tuairimí a thabhairt den staid mar atá san Aontas Eorpach.
Suiteán tumthach is ea Form of Freedom (2024), a cheap Bozhana Slavkova chun an tsaoirse gluaiseachta ar fud an Aontais Eorpaigh a léiriú. Meafar caolchúiseach gan mheáchan is ea é faoin dóigh ar féidir, sa lá atá inniu ann, gluaiseacht faoi shaoirse ar fud na mór-roinne – rud nárbh fhéidir le go leor Eorpach a dhéanamh fadó.
[i] An Coimisiún Eorpach, ‘An Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán’, ar fáil ag: https://commission.europa.eu/strategy-and-policy/priorities-2019-2024/new-push-european-democracy/protecting-democracy/european-media-freedom-act_ga.
[ii] Parlaimint na hEorpa, ‘Monatóir Saoirse Acadúla Pharlaimint na hEorpa, 2023’, ar fáil ag: https://www.europarl.europa.eu/thinktank/ga/document/EPRS_STU(2024)757798;
Parlaimint na hEorpa, ‘Fóram Pharlaimint na hEorpa um an tSaoirse Acadúil’, ar fáil ag: https://www.europarl.europa.eu/stoa/en/ep-academic-freedom.
[iii] Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais, Airteagal 13 – Saoirse na n-ealaíon agus na n-eolaíochtaí: ‘Beidh na healaíona agus an taighde eolaíoch saor ó shrianta. Urramófar an tsaoirse acadúil’.
[iv] Rialachán (AE) 2024/1083 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh seirbhísí meán sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 2010/13/AE (An Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán) (IO L, 2024/1083, 17.4.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2024/1083/oj?locale=ga; Parlaimint na hEorpa, Comhdháil ar shaoirse na meán agus ar iriseoirí atá faoi bhrú, an 10 Aibreán 2024.
[v] Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Márta 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2021 go 2027) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013, Tá cur chun cinn na héagsúlachta cultúrtha Eorpaí agus na feasachta ar fhréamhacha coiteanna bunaithe ar shaoirse an léirithe ealaíonta, ar chumas agus inniúlachtaí ealaíontóirí agus oibreoirí cultúrtha, ar earnálacha cultúir agus cruthaitheachta atá faoi bhláth agus athléimneach a bheith ann sa réimse poiblí agus príobháideach agus ar a gcumas a saothair a chruthú, go mbeidís nuálach, agus a saothair a léiriú agus iad a dháileadh ar lucht féachana Eorpach mór agus éagsúil’, IO L 108, 26.3.2021, lch. 934.
[vi] Blumberg, N. agus Yalzadeh, I., ‘A.R. Penck’, Encyclopaedia Brittanica, https://www.britannica.com/biography/A-R-Penck.
[vii] Tá saothar na beirte péintéirí ina chuid de Bhailiúchán Ealaíne Pharlaimint na hEorpa freisin:
https://art-collection.europarl.europa.eu/ga/collections/lokomotiven/ agus https://art-collection.europarl.europa.eu/ga/collections/wahle/.
[viii] Talvacchia, B. L., ‘Politics Considered as a Category of Culture: The Anti-Fascist Corrente Group’, Art History, Iml. 8, Uimh. 3, 1985, lgh. 336-355.
[ix] Fondazione Emilio e Annabianca Vedova, ‘Emilio Vedova: una biografia per immagini’, ar fáil ag: https://www.fondazionevedova.org/emilio-vedova-una-biografia-immagini.
[x] Bhí an saothar ealaíne ina chuid den taispeántas aonair dar teideal ‘Claus Carstensen: Maghreb Journal’, a reáchtáladh in Galleri Specta (an Danmhairg) in 1989. Cé gurb é ‘El Arba’ an teideal atá sa chomhad éadála, is é an teideal ba cheart a bheith ar an saothar, de réir na catalóige seo, ná ‘Ej Jemaa’, olaphictiúr, 200 x 170 cm, 301288-150289.
[xi] Claus Carstensen, ‘What’s left (is republican paint) – Nine Sisters’, (catalóg an Taispeántais), ARoS Aarhus Kunstmuseum, 2015, ‘De bhreis ar an ealaín a shaothrú, d’eagraigh agus chóirigh Claus Carstensen taispeántais iomadúla, a raibh gach ceann acu bunaithe ar naisc choincheapúla agus fhoirmiúla ar mhinic dearmad déanta orthu i stair na healaíne. Sna taispeántais úd, rinneadh miondealú ar aicmithe agus catagóirí ealaíne agus staire chun insintí malartacha a chothú. Dála mar a rinneadh sa taispeántas ‘Becoming Animal’, díríodh iontu ar cheist choincheapúil agus fhealsúnach, ach scrúdaíodh iontu freisin, ar bhealach foirmiúil agus moirfeolaíoch, cosúlachtaí a bhíonn ann arís is arís eile i dtréimhsí, meáin agus stíleanna éagsúla’.
[xii] Berlinische Galerie, ‘Angry pamphlet: ‘Pandemonic Manifesto’ le Georg Baselitz agus Eugen Schönebeck’, ar fáil ag: https://berlinischegalerie.de/en/collection/specialised-fields/artists-archives/pandaemonisches-manifest/; Leabharlann agus Músaem Morgan, ‘Scríobh Baselitz (na forógraí úd) in 1961 agus in 1962 i dteannta a charad, Eugen Schönebeck, chun maise a chur ar a gcéad taispeántas. Sa téacs, a dtagraítear do chollaíocht, don bhás agus don chreideamh ann, léirítear, i bhfriotal bríomhar a bhfuil lorg scríbhinní Samuel Beckett, Antonin Artaud, agus Comte de Lautréamont air, an chaismirt is an chíor thuathail a bhí ann sa Ghearmáin i ndiaidh an chogaidh. Amach sa saol, rinne Baselitz cur síos ar an bhforógra mar a leanas: ‘ní raibh ann ach amaidí a bhí bunaithe ar smaointe nach raibh aon dealramh leo.’ Is é a léirítear ina líníochtaí ón dtréimhse úd, a dhéanann scáthántacht ar an gcur síos gráiniúil agus foréigneach iontu, ná daoine éagruthacha agus scata neacha cama, gan chuma. Ar fáil ag: https://www.themorgan.org/drawings/item/444549.