Skip to main content

3. Imirce: imeascadh agus an fhéiniúlacht Eorpach

Ní mór glacadh imirceach agus imeascadh imirceach sa tsochaí a bheith á rialú le luach na dlúthpháirtíochta, luach an chomhionannais agus luach an cheartais. Sin é is cuspóir do phlean gníomhaíochta an Choimisiúin, don tréimhse 2021-2027, maidir le himeascadh agus cuimsiú, a foilsíodh i mí na Samhna 2020.

Tá sé d’aidhm ag an bplean gníomhaíochta cuimsiú do chách a chur chun cinn, rannchuidiú tábhachtach imirceach leis an Aontas Eorpach a aithint, agus aghaidh a thabhairt ar na constaicí a d’fhéadfadh bac a chur ar rannpháirtíocht agus cuimsiú daoine de bhunadh imirceach, ó dhaoine nua go saoránaigh, i sochaí na hEorpa[i].

Thairis sin, i rún ón bParlaimint an 20 Bealtaine 2021 maidir le bealaí nua le haghaidh imirce dhleathach lucht saothair, sonraítear ‘nach raibh ach tionchar teoranta ag na treoracha atá ann cheana ar dhúshaothrú saothair a chosc, agus go bhfuil cóir neamhionann agus dúshaothrú oibre fós le brath ag oibrithe imirceacha’ agus iarrtar ann ‘ar an Aontas gníomhaíocht chomhbheartaithe a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an gcóir neamh-chomhionann sin agus ar an saothrú sin’[ii].

Tá ceisteanna soghluaisteachta agus imeasctha chun tosaigh i saothar grianghrafadóireachta agus físe an ealaíontóra agus an scannánóra Bhulgáraigh Borjana Ventzislavova. Saothraíonn Ventzislavova, atá lonnaithe idir Vín agus Sóifia, disciplíní éagsúla laistigh den scannánaíocht agus d’fhíseáin, de shuiteáin, den ghrianghrafadóireacht, agus de na healaíona taibhiúcháin agus meán. Is é is ábhar do Migration Standards (2011) ná éilimh na n-imirceach ar athrú ar bheartas imirce na hEorpa. Ar chúl na bpríomhphearsana tá móriontais Vín, agus halla an bhaile, Pálás Hofburg, Pálas Belvedere agus Pálas Schönbrunn orthu sin[iii].

Mar atá ráite ag an ealaíontóir:

Sheachain mé riamh an ghrianghrafadóireacht sráide nó an insint lom. Is é is cás liom ná na scéalta a bhaineann leis na daoine úd, agus, ina theannta sin, dálaí struchtúracha agus gnásanna ár sochaí; mar sin de, cloím le cur chuige faisnéiseach i mo chuid saothar, ach bíonn pearsana na saothar lonnaithe in áit ar leith i gcónaí[iv].

In Crossing Bodies, Crossing Boundaries [An Cholainn a Thrasnú, An Teorainn a Thrasnú] (2024), arb é grúpa daoine i gceardlann líníochta is ábhar dó, cuireann Bruno de Almeida béim ar na fadhbanna agus na deiseanna a bhaineann le teorainneacha a thrasnú. Tar éis dó an saothar úd a chur i gcrích, dúirt Almeida an méid seo a leanas:

Rinne rannpháirtithe ó chultúir éagsúla agus ó thíortha éagsúla, a raibh cónaí orthu i gcathair Porto, páipéar a úsáid chun caidreamh a chothú le chéile agus chun dul i ndáil chomhairle le chéile d’fhonn an tuairim gurb ann do theorainn idir an duine aonair agus dream daoine a léiriú agus a fhágáil doiléir. Chothaigh an próiseas cruthaitheach sin smaointeoireacht chriticiúil, trínar chuir na rannpháirtithe eolas ar conas is féidir, trí bhíthin cleachtas ealaíonta, tacú leis an daonlathas trí bhéim a chur ar an gcómhaireachtáil úd in ilspásanna.

Is é ba thoradh comhthionscadail, a cuireadh i gcrích faoi mhaoirseacht Rachel Rouzaud agus ar shlí ba chosúil leis an tslí ar a gcuirtear síos i saothar Almeida, ceithre leagan nua éagsúla de bhratach an Aontais Eorpaigh: Variations on E.U. flag n°1-4 [Athruithe ar bhratach AE Uimh. 1-4] 2024 In Europa(1998) le Paolo Della Bella, léirítear dúil den chineál céanna i bhfeidhm a bhaint as siombailí agus dathanna a bhaineann le coincheap na féiniúlachta Eorpaí.Tá ealaín Della Bella, atá éadrom croíúil mar ealaín, fréamhaithe i dtraidisiún an mhaisithe greannán, gort agus cleachtas a shaothraigh sé i dtús a ghairme agus ar bhain sé cáil amach dó féin iontu. Tá an dúil úd sa mhaisiú agus sa ghreann ag ráthaíocht trí shaothair níos ealaíonta leis, amhail Europa. Sa mhórshaothar cothrománach, tá 39 léaráid líneacha a tarraingíodh de láimh maille le 12 réalta dhaite. Is é an spraoi iarracht a dhéanamh ar bhrí a bhaint as siombalachas cultúrtha gach líníochta, agus é a nascadh le ceann de thíortha an Aontais Eorpaigh.

Mani(nuestro), [Ár bhForógra Coiteann] (2024) le Sofía Moreno bunaithe ar thraidisiún fada forógraí, dearbhuithe scríofa agus poiblí dúnghaoisí, clár nó cuspóirí, a úsáidtear go minic i bpolaitíocht agus smaointe úra ealaíne na freacnairce. Sa chás seo, forógra comhchoiteann amach is amach is ea é toisc go gcruinnítear le chéile ann teistiméireachtaí iomadúla ó dhaoine i réigiún La Rioja sa Spáinn, maille le barúlacha gonta agus smaointe, a cothaíodh ar an toirt, i dtaobh páirt a ghlacadh i sochaí dhaonlathach agus i dtaobh maireachtáil i gcríoch dhaonlathach, ar an leibhéal áitiúil agus an leibhéal Eorpach araon. Fógraítear, i dtionscnamh suntasach arna chur chun cinn ag Oifig Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa i Vín, i gcomhar le healaíontóirí áitiúla agus le Cathair Vín, gur freagracht chomhchoiteann é an daonlathas a chosaint san Eoraip. Tá ann múrphictiúr ábhalmhór ar a bhfuil mana an toghcháin, a bheidh air go brách, rud a fhágann go bhféadfaí, go ceann na mblianta móra fada, an mana ‘ag dul i gcomhar le chéile ar son an daonlathais’ a mheabhrú do dhaoine atá ag dul thar bráid.


[i] Parlaimint na hEorpa, ‘Traein Reachtach 06.2024, 5: Ár nDóigh Bheatha Eorpach a chur chun cinn – Plean Gníomhaíochta maidir le hImeascadh agus Cuimsiú’, ar fáil ag: https://www.europarl.europa.eu/legislative-train/carriage/action-plan-on-integration-and-inclusion/report?sid=8201.

[ii] Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Bealtaine 2021 maidir le bealaí nua le haghaidh imirce dhleathach lucht saothair, IO C 15, 12.1.2022, lch. 196, ar fáil ag: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/ALL/?uri=CELEX%3A52021IP0260.

[iii] Steffen Siegel, ‘Counter-Images’, 5X5 PHOTO TRACKS, prionta speisialta agus EIKON 25 bliana ar an bhfód.

[iv] Aigner, S., ‘Borjana Ventzislavova’, EIKON International Magazine for Photography and Media Art, Uimh. 80, 2012, lgh. 24-29.

Cúinne an Mhúinteora

12 – 3 – 4
Home