Skip to main content

2. Eitic agus saoirse pholaitiúil, daonlathas agus vótáil

Sa Chonradh ar an Aontas Eorpach, sonraítear an méid seo a leanas: ‘Beidh an ceart ag gach saoránach a bheith rannpháirteach i saol daonlathach an Aontais. Glacfar cinntí ar dhóigh chomh hoscailte agus is féidir agus ar leibhéal chomh gar agus is féidir don saoránach’[i]. Is nithe iad an trédhearcacht agus an eitic a bhfuil dlúthbhaint acu le feidhmiú na saoirse polaitiúla agus an chirt vótála. Tá aghaidh tugtha ag an bParlaimint orthu trí thionscnaimh éagsúla amhail an Cód Iompair d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa, an Clár Trédhearcachta nó suíomh gréasáin chlár poiblí na Parlaiminte[ii].

I saothar an ealaíontóra ghníomhaíoch Sára BányaiRethink with the Communitives of Malmö (1 June 2024) – tarraingítear aird, ar bhealach spraíúil, ar a riachtanaí atá sé gníomhú de réir eitice agus a bheith freagrach agus an tsaoirse pholaitiúil á feidhmiú. Trí chluiche cártaí, agus lámhleabhar treoracha lena aghaidh, a dhearadh ar shlí lena ndearnadh athmhachnamh ar shaol an phobail in áit shonrach agus fhíor sa tSualainn, fiosraíonn Bányai conas ba cheart, agus cad chuige ba cheart, an tsaoirse vótála agus an tsaoirse rannpháirtíochta a úsáid. Laistigh de rialacha agus d’fhorbairt an chluiche seo, tagraíonn an téarma ‘communitive’ do na sineirgí idir tionscadail atá dírithe ar an bpobal agus pobail a bhfuil sé de mhisneach acu beart a dhéanamh as a stuaim féin.

I ndiptic Berit Heggenhougen-JensenUntitled [Gan teideal] (1990) – tarraingíonn feilt uaine boird casaíne ceisteanna eiticiúla agus morálta faoi na cinntí a dhéantar ó thús deireadh cluiche a bhaineann le hairgead agus acmhainní a aistriú. Is ní é an bord féin a dtugtar umhail ar leith air i saothair roinnt de na healaíontóirí gníomhaíocha roghnaithe (Bányai, Almeida). Tugann Rosina Lui uídh ar leith ar bhord de chineál speisialta sa saothar Hygge (2024). Tá an bord íseal úd, amach óna bheith ina earra fisiceach agus ina ní fónta chun caife, ina léiriú ar na luachanna stairiúla, sóisialta agus polaitiúla a bhfuil aird tarraingthe ag Lui orthu:

Is é atá in ‘hygge’ — a léadh a chéaduair i litríocht na Danmhairge sa 19ú haois — focal coitianta uilíoch a chuireann sástacht sheascair, shuairc in iúl. Ní staid shíceolaíoch aonair, agus é sin amháin, atá ann; is éard atá ann freisin ná muintearas, sábháilteacht, comhionannas, ceangal sóisialta agus sláine phearsanta an ghnáthshaoil. Tá struchtúr polaitiúil láidir agus inbhuanaithe ina bhonn le ‘hygge’, struchtúr trína dtacaítear le cearta agus saoirsí rannpháirtíochta cultúrtha, sóisialta agus polaitiúla gach aon. Sa phíosa seo — bord caife íseal i lár seomra suí, go bunúsach — léirítear bunús na sochaí oscailte, daonlathaí agus comhordaithí.

Ar shlí éagsúil leis na saothair thuasluaite, is é is ábhar, go príomha, do shaothar Yiannis Psychopedis (a saolaíodh in 1945) 1945) ó bhlianta déanacha na 1960idí ná an dóigh a mbaintear mí-úsáid as cumhacht chun srian a chur le saoirse na saoránach, rud a bhí ina léiriú ar an staid pholaitiúil sa Ghréig an tan úd[iii]. In Lorca (1968), gona thon faisnéise géar agus fíochmhar, léirítear slua carachtar a nglactar leis go bhfuil ionad ard acu san ordlathas polaitiúil. Leagtar béim ar a ghránna atá na haghaidheanna i saothar eile le Psychopedis ón tréimhse chéanna: ‘The Saviors’ (1968)[iv].

Cloíonn péintéireacht Psychopedis leis na cóid amhairc a ghlac ealaíontóirí agus grúpaí eile, amhail Equipo Crónica agus Equipo Realidad na Spáinne, chucu féin le linn na haimsire úd. Ba chomharghrúpaí iad sin a bhain an-úsáid as íomhánna ó nuachtáin, ó scannáin agus ó stair na healaíne d’fhonn barúil a thabhairt de cheisteanna sóisialta agus polaitiúla. Mar a dúirt criticeoirí agus staraithe ealaíne:

Déanann Jannis Psychopedis, a rinne, sna saothair a chuir sé i gcrích d’éis 1964, clár oibre polaitiúil a shníomh le haeistéitic nuachtán dubh agus bán agus coincheap na haiste grianghraf, tagairt do bhodaigh mhóra na polaitíochta agus na sochaí go díreach ar uairibh. Chuir an aeistéitic fhótagrafach fhuar ar a chumas do Psychopedis duairceas agus anró na linne a léiriú go hoibiachtúil agus go fuarchúiseach[v].

I ndiptic fhótagrafach Paul Graham (a saolaíodh in 1956) 1956) dar teideal Untitled (Swarm of flies/Hole in Ground) [Gan teideal (Scaoth cuileog / Poll sa Talamh)] (1990), cuirtear grianghraf gar-amhairc de pholl lathaí i gcodarsnacht le híomhá de scaoth cuileog a glacadh ón taobh thíos. De réir an léirmheastóra a rinne trácht ar an saothar úd le haghaidh chatalóg na saothar a fuarthas ón Ríocht Aontaithe in 1992, is é atá san íomhá dhúbailte ná léiriú amhairc ar an rian nithiúil a d’fhág Balla Bheirlín, trína ndearnadh géarleanúint ar dhaoine a bhí ar aon aigne, agus trínar scaradh ó chéile iad, ar an saol uirbeach:

I ndiptic fhótagrafach Paul Graham, díríonn an t-ealaíontóir a ghrianghrafadán ar an mball a raibh Balla Bheirlín ann uair, agus, ar an gcaoi sin, déanann sé, ar bhealach caoin, imeachtaí a thit amach sa chathair úd tan nach fada siar a chur i gcuimhne dúinn. Sa phainéal deisil, tugann an breathnóir suntas do pholl d’iarsma teorann polaitiúla, agus sa phainéal clé féachann an breathnóir suas ionsar an spéir mar a bhfuil scaoth cuileog ag imeacht ar saithnín, agus, de réir mar a théann na Vailcírí fíorbheaga as amharc, is amhlaidh a mhaireann droch-chomhartha achrainn pholaitiúil sa spéir[vi].

Is féidir pictiúr úd Psychopedis a luaitear thuas a chur le hais saothar ealaíne eile ina léirítear portráidí iomadúla ar bhealach an-éagsúil – Changemakers (2024), le Iliyana Grigorova, grianghrafadóir agus ealaíontóir gníomhaíoch Bulgárach.Is iad príomhphearsana na comhphortráide ilathraithí seo ná na daoine – idir ghníomhaithe agus ealaíontóirí gníomhaíocha – ar chas Grigorova leo agus í ag glacadh páirt sa tionscadal ‘Pop the vote!’ dá dtagraítear sa réamhrá. Trí úsáid a bhaint as cianachló, ceann de theicnící grianghrafadóireachta bunúsacha an 19ú céad, gona mhonacróm scothghorm sainiúil, léiríonn Grigorova an meas íon atá aici ar na daoine úd. Trí úsáid a bhaint as teicníc a mheasfaí a bheith seanaimseartha sa lá atá inniu ann, taibhsíonn sé go ndearna Grigorova iarracht ar bhéim a chur ar dhíograis, misneach agus fuinneamh gach duine de na príomhphearsana. Is buanna iad sin atá le sonrú i saothar Ulysse Vassas Disco Voting Booth, (2024) – agus i saothar Fjorida Cenaj (Cultterra Team) ARKoPOLL: the party! – freisin. (2024). Is é is bunsmaoineamh do na saothair sin ná páirt a ghlacadh sa daonlathas, i bhfochair a chéile, d’fhonn é a cheiliúradh mar ní ar féidir le gach duine páirt a ghlacadh ann.


[i] An Conradh ar an Aontas Eorpach, Teideal II, Airteagal 10.

[ii] Parlaimint na hEorpa, ‘Trédhearcacht agus eitic’, ar fáil ag: https://www.europarl.europa.eu/at-your-service/ga/transparency.

[iii] Aireacht Cultúir na Gréige, Ard-Mhúsaem na hEalaíne Comhaimseartha, ‘The years of defiance: the art of the ‘70s in Greece’ [Na blianta dúshlánacha: ealaín na 1970idí sa Ghréig], ‘Bhí géarchéim pholaitiúil agus anó polaitiúil ann sa Ghréig, agus bhí rialtais éagsúla ann, nár mhair i bhfad, i ndiaidh ghéarchéim bhunreachtúil Mheitheamh 1965. Tharla coup d’état an 21 Aibreán 1967 agus bhí deachtóireacht ann ar feadh 7 mbliana nó go ndearna an Tuirc ionradh ar an gCipir agus gur ghabh sí seilbh ar chuid mhór den oileán.’; ‘(…) d’fhág tionchar imeachtaí na linne, i bhfad is i ngearr, lorg ar ealaíontóirí na Gréige. Bhí an pholaitíocht fite fuaite san ealaín le linn na tréimhse úd, agus, mar gheall ar a raibh ag tarlú sa Ghréig, is amhlaidh a bhí a lán smaointe úra ag na healaíontóirí a bhféadfaidís tarraingt orthu ina saothar, rud a d’fhág gur láidre an dúil a bhí acu idirghabháil a dhéanamh ar bhealach criticiúil; dúil é sin a d’eascair as a dtaithí saoil, as deargriachtanas, agus as spiorad úd na haimsire a spreag iad le hiarracht a dhéanamh ar smaointe úra a chothú. (…)’, Nollaig 2005 – Bealtaine 2006.

[iv] Tá trácht ar ‘The Saviors’ (1968) san alt seo a leanas in ART – ΝΕΑ,an 3 Deireadh Fómhair 2023:

‘Sa mhórthaispeántas iardhearcach ‘Yiannis Psychopaidis. Art as a fighting testimony. Works of the 1960s and 1970s and their aftermath’, a gcuirfear tús leis amárach (2023) ag Dánlann Bhardais Chorfú Láir agus na nOileán Diapontach, dírítear ar shaothair ealaíne ó na 1960idí agus na 1970idí.
https://www.efsyn.gr/tehnes/art-nea/406500_pneyma-shima-kai-hroma-mias-oramatikis-aristeras

Eolas faoi thionscadail úra eile i dtaobh an ealaíontóra: ‘The artistic spring of Giannis Psychopaidis’, an 14 Aibreán 2024:

‘Trí dhá thaispeántas dá chuid sa Ghearmáin agus i Sasana i mí Aibreáin agus ansin i mí an Mheithimh sa Ghréig, tharraing Yiannis Psychopaidis aird na muintire i bhfad is i ngearr san Eoraip ar a shaothar ealaíne (…) Bhí Psychopedis ar dhuine acu sin a d’fhág, agus iad ag maireachtáil idir München, Beirlín agus an Bhruiséil, lorg nach beag, ó thaobh na healaíne de, ar amharclanna, ar mhúsaeim ealaíne, ar dhánlanna agus ar institiúidí, agus a bhfuil a saothar ar taispeáint go buan iontu’. https://www.efsyn.gr/nisides/429467_i-kallitehniki-anoixi-toy-gianni-psyhopaidi

Gabhaimid buíochas le TWOFOURTWO as cuidiú linn teacht ar bhreis faisnéise faoi chomhthéacs polaitiúil agus stairiúil phéintéireacht Psychopedis i mbailiúchán na Parlaiminte.

[v] Aireacht Cultúir na Gréige, Ard-Mhúsaem na hEalaíne Comhaimseartha, ‘The years of defiance: the art of the ‘70s in Greece’ [Na blianta dúshlánacha: ealaín na 1970idí sa Ghréig], Nollaig 2005 – Bealtaine 2006.

[vi] Twelve stars – selected works from the European Parliament Art Collection featuring new British acquisitions’ [Dhá réalta dhéag – saothair roghnaithe ó Bhailiúchán Ealaíne Pharlaimint na hEorpa ina bhfuil saothair úra a fuarthas ón mBreatain], 1992; Catalóg an taispeántais a reáchtáladh i mBéal Feirste, i nDún Éideann agus i Londain idir Deireadh Fómhair 1992 agus Eanáir 1993.

Cúinne an Mhúinteora

1 – 2 – 34
Home